Is as Daingean Uí Chúis, Ciarraí,
d’Aoife Granville. Is taibheoir, oideoir agus taighdeoir í a bhfuil PhD sa
Bhéaloideas/Eitnicheoleolaíocht (Dreoilín Dhaingean Uí Chúis agus Cultúir
Charnabhail na hEorpa) aici. Tugann sí léachtaí faoin gCeol Traidisiúnta agus
Ceol Pobail, Béaloideas agus Féile. Is Léachtóir le Béaloideas í sa Roinn
Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i láthair na huaire. Bhíodh
sí ag léachtóireacht i Roinn an Cheoil (UCC), san Ionad Idirnáisiúnta um Léann
Ceoil in Ollscoil Newcastle (an Ríocht Aontaithe) agus le hollscoileanna ó SAM
a bhí ar cuairt in Éirinn, roimhe sin.
Tá an-seasamh ag Aoife i dtraidisiún
fliúiteadóireachta comhaimseartha na hÉireann agus tá sí ag obair faoi láthair
ar an tríú halbam aonair uaithi.
Bíonn Aoife ar an raidió agus teilifís
go minic, agus bíonn sí ag obair agus ag foilsiú trí mheán na Gaeilge agus an
Bhéarla araon. Tá sí ar Bhord Stiúrthóirí Fhéile Idirnáisiúnta Chruite Acla
agus tá sí ina cuid de ‘Phainéal Saineolaithe’ Chultúr Éireann agus painéil
phiarmheasúnaithe na Comhairle Ealaíon. Ba í an Stiúrthóir í ar Ionad
Cultúrtha, ionad ealaíon, i nGaeltacht Mhúscraí idir Eanáir 2019 agus mí Nollag
2021 agus bhíodh sí ar roinnt bord agus coistí a bhain le hIonaid Ealaíon do
Dhaingean Uí Chúis, chomh maith leis an mBord Comhairleach Seachtrach do
Leas-Uachtarán agus Uachtarán UCC, 2018-2021.
Bhí baint ag Aoife le bainistiú féilte,
chomh maith le tacaíocht do na healaíona agus meantóireacht, ar feadh na
mblianta freisin.