Is as Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath é
Brian Ó Gáibhín, agus faoi láthair tá sé ina Phríomhoifigeach Oibríochtaí ar
Áras Chrónáin Ionad Cultúir i mBaile Átha Cliath áit a ndéanann sé bainistíocht
agus maoirseacht ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm clár fairsing, éagsúil
agus cuimsitheach Ealaíon, Cultúir agus Léirithe i gcomhpháirtíocht le
páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta.
Tá BA san Oideachas agus Máistreacht sa Ghnó
agus sa Teicneolaíocht
Faisnéise (OCBÁC) ag Brian. Go luath ina shaol, bhí Brian ina mhúinteoir
Gaelscoile, ina láithreoir ar TG4 agus ina Cheann ar Roinn an Cheoil ag Scoil
Idirnáisiúnta Chouiefat san U.A.E. Thaistil sé go forleathan ar fud an domhain
freisin mar Bhainisteoir Turais d’Ealaíontóirí Idirnáisiúnta.
Bhí Brian ina bhall gníomhach / ina
chathaoirleach ar go leor bord agus coistí. Ba Chathaoirleach Thurasóireacht
Dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath 2004-2015 é Brian agus bhí sé lárnach i dtabhairt Oireachtas na Cruinne 2017 agus
Oireachtas na Samhna 2019 chuig Deisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Threoraigh Brian Áras Chrónáin chuig Gradaim Áite IPB Uile-Éireann do
‘Thionscnamh Áit Chruthaitheach’ 2018. D’fhorbair Brian agus stiúraigh sé
stádas oifigiúil ‘Líonra Gaeilge’ a bhaint amach in 2020 do Shráidbhaile
Chluain Dolcáin, an chéad cheann i stair an stáit. Faoi láthair tá Brian ar Bhord
Stiúrthóirí Chomhlachas Tráchtála Dheisceart Bhaile Átha Cliath agus ar Bhord
an Oireachtais, agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Náisiúnta na
Líonraí Gaeilge.