Is stiúrthóir boird agus ceannaire gnó oilte é a bhfuil ardscileanna agus taithí fhairsing aige san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Áirítear leis na comhlachtaí sin Green Effects Investments plc, an Oifig um Sholáthar Rialtais, an tÚdarás Árachais Sláinte, Chambers Ireland, Ionad do Shíocháin agus Athchairdeas Ghleann Crí, Gluaiseacht na hEorpa – Éire, agus bhí sé ina bhall de neart fo-choistí boird (Iniúchta, Riosca, Airgeadais, Íocaíochta agus Forbartha) chomh maith. Bhunaigh sé ceann de na cleachtais chuntasaíochta is mó i mBaile Átha Cliath.
Is ceannaire gnó fuinniúil, oilte an-díograiseach é a bhfuil cuntas teiste rathúil aige treoir straitéiseach chasta a athbhreithniú agus a shocrú i raon leathan comhlachtaí tráchtála agus seachbhrabúsacha. Bhí sé ina Uachtarán ar Chambers Ireland, an eagraíocht ghnó is mó sa tír, a bhfuil comhlachtaí aige a dhéanann ionadaíocht ar níos mó na 12,000 gnó ar fud oileán na hÉireann. Creideann sé go láidir gur cheart a chinntiú go gcloítear le dea-chleachtas agus go bhfuil rialachas corparáideach maith sa seomra boird agus a dheimhniú go bhfuil na struchtúir chuí i bhfeidhm i ngnóthaí chun luachanna eagraíochtúla a éascú ar fud an chomhlachta.
Tacaíonn sé go mór leis na healaíona agus chuaigh Dónall i gcomhairle le neart eagraíochtaí in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus rinne sé ionadaíocht thar a gceann, chun ról na n-ealaíon a chur chun cinn. Cuireann sé seirbhísí comhairliúcháin agus straitéiseacha ar fáil do go leor eagraíochtaí ealaíon agus tá meascadh uathúil d’eolas gnó/cuntasaíochta agus eolas deimhin ar earnáil na n-ealaíon aige a chuireann leis an bpróiseas seo chun réitigh a aimsiú d’eagraíochtaí ealaíne éagsúla. Bhí Dónall freagrach as rialachas corparáideach a thabhairt isteach i neart de na heagraíochtaí seo, cuspóirí gnó a fhorbairt, próisis airgeadais láidre a thabhairt isteach, forbairt straitéiseach agus pleananna ioncaim i leith tiomsú airgid agus ioncaim a chur i bhfeidhm, agus meantóireacht aonair de réir mar ba ghá.