Tá an Dr Gary Granville ina Ollamh
Emeritus san Oideachas
agus ina Stiúrthóir Eatramhach ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh,
Baile Átha Cliath. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach Cúnta ar an
gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in Éirinn. Sa cháil sin, rinne
sé maoirsiú ar dhearadh agus ar thabhairt isteach clár náisiúnta, lena
n-áirítear an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Clár Scoileanna na Sraithe
Sóisearaí agus tionscnaimh in oideachas saoránachta, in oideachas fiontraíochta
agus sna healaíona.
Le blianta beaga anuas bhí sé ina
chathaoirleach ar Ghrúpa Forbartha na hEalaíne CNCM sa tsraith shóisearach agus
san Ardteistiméireacht. Tá taithí leathan ag Gary Granville mar bhall de
ghrúpaí comhairleacha beartais lena n-áirítear Éire Ildánach, an
tÚdarás um Ard-Oideachas, an Chomhairle Mhúinteoireachta, CNCM agus
comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Áirítear lena chuid foilseachán
leabhair, ailt agus tuarascálacha coimisiúnaithe ar oideachas ealaíon, ar
bheartas curaclaim agus measúnaithe, ar stair an tsaothair agus ar shaoránacht
dhomhanda. Is cainteoir dúchais Ghaeilge é agus oibríonn sé tré mheán na
gaeilge mar is cuí.