Is comhairleoir í Jillian van Turnhout a chuireann seirbhísí rialachais, roghnúcháin feidhmigh agus abhcóideachta ar fáil do chuideachtaí agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús. Is Stiúrthóir deimhnithe í Jillian le Clár Stiúrthóirí Idirnáisiúnta INSEAD (IDP-C) agus bhain sí an Teastas i Stiúrthóireacht Cuideachta amach ón Institiúid Stiúrthóirí freisin. Is iarSheanadóir neamhspleách í Jillian van Turnhout agus tá cáil uirthi mar gheall ar an obair a rinne sí chun cearta leanaí a chur chun cinn. Anuas ar a bheith ina ball de Bhord na Comhairle Ealaíon, tá sí ina Leas-Cathaoirleach (Stiúrthóir) ar Ghluaiseacht na hEorpa – Éire; ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) ar ‘One in Four’ agus ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) ar Luath-Óige – Éire. Roimhe seo, bhí sí ina hUachtarán ar chomhlacht Comhairleach AE, an Coiste Eorpach um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta, Luath-Óige – Éire; ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí; ina hArdchoimisinéir ar Bhanóglaigh na hÉireann; agus ina hUachtarán ar Chomhairle Náisiúnta na nÓg. Tá Jillian ina comhbhunaitheoir d’Fhóram Óige na hEorpa. Bhronn Uachtarán na Fraince an gradam iomráiteach ‘Chevalier de l'Ordre National du Mérite’ ar Jillian agus bhronn Coláiste Ríoga na Lianna in Éirinn Comhaltacht Oinigh uirthi.