Mar chomhalta boird le deich
mbliana anuas agus mar chathaoirleach ó 2016, chuir Maura McGrath go mór leis
an gCeoláras Náisiúnta. Bhí ról ceannaireachta aici i raon forbairtí
suntasacha sa Cheoláras Náisiúnta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear
aistriú na Ceolfhoirne agus na gCóir Shiansacha Náisiúnta ó RTÉ
in 2022, a bhfreagra ar Covid-19 agus tiomantas do na pleananna móra atá ar bun
faoi láthair chun campas an Cheolárais Náisiúnta a athrú agus a athfhorbairt ó
bhonn ar Ardán Phort an Iarla.
Tá céim mháistreachta aici san iompar bainistíochta agus eagraíochtúil ó
Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina ball d’Institiúid na
Stiúrthóirí in Éirinn, creidiúnaithe i Rialachas Corparáideach, agus ina ball
dáimhe d’Institiúid Bainistíochta na hÉireann. Mar chomhairleoir AD, léi
claochlú straitéiseach agus eagraíochtúil a chur i bhfeidhm i raon leathan
gnólachtaí. Bhí roil ag Maura ar boird i ngach aon earnáil in Éirinn, ina measc
an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Clinic UPMC i bPort Láirge.