Tá Noyona Chundur ina
Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann, tar éis di
a bheith ina Comhalta Boird agus ina Cathaoirleach ar an gCoiste
Iniúchóireachta agus Dearbhaithe Riosca roimhe seo. Seachadann sí timpeallacht
rialála Thuaisceart Éireann um chosaint tomhaltóirí, le hainmniú sárghearán
agus freagrachtaí reachtúla i bhfuinneamh, iompar, uisce agus séarachas,
seirbhísí poist agus inrochtaineacht bia, agus achoimre maidir le cuimsiú
airgeadais agus cúrsaí Imeachta ón AE.
Tá Noyona ina Stiúrthóir
neamhfheidhmiúcháin freisin ar an Progressive Building Society agus ina Ball
Comhairle do Chumann Tráchtála agus Tionscail Thuaisceart Éireann. Is
Stiúrthóir Cairte í trí Institiúid na Stiúrthóirí agus bhuaigh sí Stiúrthóir na
Bliana san Earnáil Phoiblí ag Gradaim Institiúid na Stiúrthóirí 2023.
Is iar-Chathaoirleach í Noyona ar cheann
de na féilte ealaíon is mó le rá i dTuaisceart Éireann, Féile Ealaíon Cheathrú
na hArdeaglaise, mar chatalaíoch chun a tírdhreach cultúrtha a fhás agus chun
lárionad cultúrtha Bhéal Feirste, Ceathrú na hArdeaglaise, a athnuachan trí
infheistíocht a dhéanamh sna healaíona agus sa turasóireacht.
Sular thosaigh sí mar
Phríomhfheidhmeannach ar an gComhairle Tomhaltóirí i mí Eanáir 2021, chaith sí
16 bliana i bhforbairt eacnamaíoch agus bhuaigh sí iliomad gradam a aithnítear
go hidirnáisiúnta le haghaidh margaíochta agus nuálaíochta digití.