Is í Philomena Poole
Iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
(chuaigh sí ar scor i mí Bealtaine 2021). Ba í an Bainisteoir Contae i
gComhairle Contae Lú í roimhe sin agus bhíodh sí ag obair i gComhairle Contae
Bhaile Átha Cliath Theas ar feadh na mblianta.
Leis na róil sin a bhí aici, bhí sí
freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus comhshaoil an
chontae, stiúir sí foirne móra chun bonneagar suntasach agus cláir shóisialta a
sholáthar agus chomh maith le claochlú eagraíochta a spreagadh. Le linn na
tréimhse a chaith sí i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, rinne
Philomena maoirseacht iomlán ar thionscadail forbartha uaillmhianacha ealaíon
agus leabharlainne agus d’éirigh léi an clár Music Generation a bhunú ansin.
Tá obair déanta aici ar chláir
cheannaireachta agus tionscnaimh daonchairdis le Co-Operation Ireland. Tá Céim
máistir aici in Oiliúint Feidhmeannach.