Ó mhí na Bealtaine 2023, tá
Róise Goan ina Comhordaitheoir Ealaíne le Kunstencentrum Vierniulvier i Ghent,
ceann de na hionaid ealaíon chomhaimseartha is mó san Eoraip. Ó 2019 i
leith, bhí Róise ina Stiúrthóir Ealaíne Artsadmin i Londain. D’oibrigh sí mar
Aoi-Drámaturg ag Vooruit sa Bheilg, agus mar chláraitheoir ealaíon neamhspleách
in Éirinn chomh maith. Faoi bhratach The Local Group, chruthaigh sí tionscadail
léirithe le healaíontóirí agus le pobail áite agus spéise in áiteanna iargúlta
idir 2015 agus 2019.
Rinne sí staidéar ar an
drámaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhain sí céim
amach in 2004. Sa bhliain 2008, ceapadh í ina Stiúrthóir ar Fhéile Imeallach
Bhaile Átha Cliath, a raibh sí i gceannas uirthi ar feadh cúig bliana, agus áit
ar bhunaigh sí Fringe Lab, clár stiúideo agus tacaíochta d’ealaíontóirí ó
cheann ceann na bliana.
Ar bhuaicphointí a gairm
neamhspleách tá obair le Prime Cut i mBéal Feirste ar fhorbairt ealaíontóirí,
agus dhá thairiscint Phríomhchathair Chultúir na hEorpa lena n-áirítear Three
Sisters 2020. In éineacht lena cuid oibre sna taibh-ealaíona, scríobh sí don
teilifís, go háirithe do shraith Aifric ar TG4.