Tá Richard Yarr ar dhuine de na gairmithe
ealaíon is cáiliúla i dTuaisceart Éireann: léiritheoir Ceoil agus Ealaíon a
bhfuil gradaim buaite aige le BBC; nuálaí aitheanta san earnáil; agus
faighteoir Onóra Náisiúnta – MBE as Seirbhísí don Cheol. Is Leas-Leifteanant ar
Chontaebhuirg Bhéal Feirste é freisin.
Tá taithí shubstaintiúil ag Richard ar
choistí agus carthanachtaí rialtais áitiúil a threorú. Tá sé ina Chathaoirleach
ar Fhéile Ceoil & Scoil Samhraidh Charles Wood; Stiúrthóir Ealaíne ar
Chomórtas Orgánach Idirnáisiúnta Thuaisceart Éireann, a bhunaigh sé in 2011; Comhairleoir
Ceoil do CCE (An
Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe & Measúnaithe, TÉ) agus Stiúrthóir Ceoil
san áit adhartha is sine i mBéal Feirste. Tá sé ina Chomhalta Ceoil ag Scoil
Ardeaglais Lichfield in Staffordshire agus ina Phátrún ar Chomórtas Ceoltóir Óg
na Bliana Thuaisceart Éireann agus ar Fhéile Urlabhra, Drámaíochta, Cheoil
& Ealaíne an Lagáin araon.
Chomhordaigh Richard clúdach náisiúnta BBC
ar Derrry~Londonderry UK City of Culture in 2013 agus, mar thacadóir láidir ar
chomhpháirtíochtaí Ealaíon, chruthaigh sé Comórtas Chór Scoile na Bliana BBC Thuaisceart
Éireann in 2015 – comhpháirtíocht idir BBC, Comhairle Ealaíon Thuaisceart
Éireann agus Cór Náisiúnta Óige Thuaisceart Éireann. Is Comhalta de Chumann
Ríoga na nEalaíon é Richard agus Saorfhear de Chathair Londan.