Is bean faoi mhíchumas den Lucht Siúil í
Rosaleen McDonagh as Sligeach ó dhúchas. D’oibrigh sí in Ionad Lucht Siúil
& Romach Pavee Point ar feadh deich mbliana, ag bainistiú chlár Foréigin in
aghaidh na mBan, agus tá sí fós ina ball boird. Tá BA ag Rosaleen i Léann an
Bhíobla & na Diagachta, MPhil sa Léann Eitneach & Ciníoch & MPhil
sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach, ar fad Ollscoil Northumbria. Is rannpháirtí
rialta í san Irish Times agus scríobhann sí laistigh de chreat de
pheirspictíocht fheimineach an Lucht Siúil. Áirítear ar shaothar McDonagh
Mainstream, The Baby Doll Project, Stuck, She’s Not Mine, Rings agus
Contentious Spaces. Ceapadh Rosaleen chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an
Duine agus Comhionannas i mí Bealtaine 2020, áit a bhfuil sí ina cathaoirleach
ar an gCoiste Comhairleach um Míchumas.
In 2018, léirigh Fishamble dráma Rosaleen
Running Out of Road san Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann. Bhí Rosaleen ina
scríbhneoir cónaithe le Tuti Theatre Company in Adelaide, san Astráil in 2019.
Tá Rosaleen faoi choimisiún Amharclann na
Mainistreach faoi láthair, agus tá oiriúnú á scríobh aici ar A Dolls House le
hIbsen. Tá Rosaleen ag obair ar dhá leabhar do Skein Press freisin. Cnuasach
gearrscéalta atá sa chéad cheann dar teideal “Contentious Spaces”. Ina tríú
leabhar “Bearings a Letter to Amy & Rosie Bridget”, tá litir chuig bean óg
den Lucht Siúil agus litir chuig bean óg faoi mhíchumas.