What I (Don't) Know About Autism, Jody O'Neill, Peacock Theatre. L-R: Jayson Murray, Jody O'Neill, Shay Croke, Matthew Ralli, Eleanor Walsh. Griangraf: Ros Kavanagh.
Staitisticí dámhachtana bliantúla
Tugaimid gealltanas inár mBeartas maidir le Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht do thuilleadh faisnéise a bhailiú faoi na healaíontóirí a chuireann isteach ar mhaoiniú agus fúthu siúd a fhaigheann maoiniú. D’fhoilsíomar an chéad cheann de na tuarascálacha sin in 2020 ina dtugtar sonraí maidir le staitisticí inscne i leith dhámhachtainí do dhaoine aonair 2019. Tá an tuarascáil ar fáil le híoslódáil anseo: Individual Awards 2019: Report on Gender Statistics.
D’fhoilsíomar ár gcéad tuarascáil bhliantúil maidir leis an inscne, míchumas agus eitneachas thar ár ndámhachtainí do dhaoine aonair i mí an Mhárta 2021. Clúdaítear le hÉagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon sonraí a bailíodh i rith na bliana féilire 2020, agus caitear súil freisin ar iarratasóirí ar scéimeanna speisialta a oibrínn tríú páirtithe thar ár gceann: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal arna bainistiú ag Create agus Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais arna bainistiú ag Arts & Disability Ireland. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin tuarascáil sin ina hiomláine anseo: Éagsúlacht agus dámhachtainí 2020.
Cothromaíocht inscne ar bhoird ealaíon agus i bpoist cheannaireachta
Gníomh sonrach amháin a ghlacamar is ea chun iallach na cothromaíochta inscne a chur ar bhoird sna heagraíochtaí a mhaoinímid ar bhonn rialta. Faoi mar a léirítear sa ghrafach thíos, chonacthas claochlú dearfach suntasach in 2020 i dtreo bord cothromaithe ó thaobh na hinscne sna heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach.
- As 149 croí-eagraíocht don bhonneagar ealaíon agus Ionad Ealaíon, bhí 52% díobh faoi chathaoirleacht fhireann agus 48% díobh faoi chathaoirleacht bhaineann
- Tá 58% de na poist cheannaireachta shinsearacha (Stiúrthóir Ealaíne/Príomhfheidhmeannach/Stiúrthóir) sna heagraíochtaí agus ionaid ealaíon i seilbh ban
Taighde agus acmhainní eile
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal - Snáithe ar Éagsúlacht Chultúrtha
Ba é Evgeny Shtorn ina ról mar Thaighdeoir Éagsúlachta Cultúrtha le Create a rinne an taighde in 2019/2020 le healaíontóirí ó chúlraí mionlaigh eitnigh agus imirceach a bhí rannpháirteach i Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal. Léigh a thuilleadh faoin taighde sin agus íoslódáil an tuarascáil iomlán anseo:here.
Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann: Cód Iompair do na Taibhealaíona
D’fheidhmigh Institiúid Téatair na hÉireann mar óstach in 2018 ar imeacht in Project Arts Centre ina ndearnadh plé ar thorthaí agus aiseolas maidir le cur chun feidhme an Dréacht-Chóid Iompair don Amharclannaíocht in Éirinn. Chualathas ó chleachtóirí agus cuideachtaí sa chruinniú sin inar cuireadh an Cód chun feidhme ar bhonn píolótach - faoi éifeachtacht, cur chun feidhme, oiriúnacht agus faoi luach an chóid - agus ghlac earnáil na hamharclannaíochta leis an gCód Iompair ar bhonn foirmiúil.
Irish Theatre Institute: Code of Behaviour for the Performing Arts
Sraith Straitéisí Amplify Women
Ba é Amplify Women, ar scátheagras d’eagraíochtaí é a fheidhmíonn mar ionadaí, a oibríonn le mná nó a dhéanann taighde faoi mhná ag obair i dtionscail chultúrtha agus mheán, a léirigh an tsraith straitéisí seo a leanas chun dul i ngleic leis an gciapadh agus leis an mbulaíocht sa láthair oibre:
Sraith Straitéisí Amplify Women
Gender Counts: An Analysis of Gender in Irish Theatre 2006-2015
Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, choimisiúnaigh #WakingTheFeminists taighde in 2016 ar an gcothromaíocht inscne i ndeich gcinn de na heagraíochtaí amharclannaíochta is mó a fhaigheann cistiú poiblí thar thréimhse dheich mbliana idir na blianta
2006-2015. Is féidir torthaí an taighde a léamh ina n-iomláine anseo:
:
Gender Counts: An Analysis of Gender in Irish Theatre 2006-2015
Naisc Úsáideacha
Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas [IHREC] institiúid náisiúnta na hÉireann do chearta an duine agus don chomhionannas.
Tá sé mar aidhm ag Fair Plé cothromaíocht inscne a ghnóthú i léiriú, taibhiú, cur chun cinn, agus forbairt cheol traidisiúnta agus tíre na hÉireann.
Sounding the Feminists ar comharghrúpa cumadóirí, ealaíontóirí fuaime, taibheoirí, ceoleolaithe, léirmheastóirí, poiblitheoirí, gairmithe tionscail, eagraíochtaí, agus daoine aonair é atá lonnaithe in Éirinn agus faoi cheannaireacht dheonach; atá tiomanta chun saothar cruthaitheach na gceoltóirí ban a chur chun cinn agus a phoibliú.