The Welcoming Project, Oíche Chultúir 2020. Catherine Young Dance, Comhairle Contae Chiarraí, an Chomahirle Ealaíon, Éire Ildánach, Siamsa Tíre.
D’fhoilsíomar ár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht in 2019, lenar áiríodh plean gníomhaíochta trí bliana (2019 - 2021). Táimid tar éis gealltanas a thabhairt sa phlean trí bliana sin tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi ealaíontóirí a chuireann isteach ar mhaoiniú agus a fhaigheann é. Tá córais nua i bhfeidhm againn le faisnéis a bhailiú faoin inscne, eitneachas agus míchumas, agus tuairiscímid ar na staitisticí sin ar bhonn bliantúil. Déanaimid amhlaidh le léargas soiléir a thabhairt ar easnaimh nach bhfuilimid ag tabhairt aghaidh orthu agus le bearta nua a mhúnlú le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin.
D’fhoilsíomar tuarascáil an 30 Márta ina gcuimsítear sonraí a bailíodh i rith na bliana 2020. Tugtar sonraí sa tuarascáil seo orthu siúd go léir a rinne iarratas ar mhaoiniú agus fuair é ó fud ár ndámhachtainí aonair. Tugtar léargas inti freisin ar iarratasóirí ar scéimeanna speisialta a oibríonn tríú páirtithe thar ár gceann: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal arna bainistiú ag Create, agus Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais arna bainistiú ag Arts & Disability Ireland.
Le tuiscint a fháil ar ionadaíocht dhéimeagrafach choibhneasta na n-iarratasóirí agus na bhfaighteoirí, déantar comparáid idir méadracht na tuarascála agus daonra na hÉireann ó Dhaonáireamh 2016.
Léigh an tuarascáil iomlán anseo:
Diversity and Arts Council Awards 2020
Príomhthorthaí
Le hachoimre a dhéanamh ar na príomhthorthaí, aimsíodh na difríochtaí seo a leanas mar na cinn ba ghéire:
Inscne: Tá cion níos ísle d’iarratasóirí agus faighteoirí, agus luach dámhachtana níos ísle ann dóibh siúd le féiniúlacht fhireann. Is airde meánluach na n-iarratas ó dhaoine agus na ndámhachtainí do dhaoine le féiniúlacht neamh-dhénártha ná a macasamhail i gcás iarratasóirí fireanna nó baineanna.
Míchumas: Tá daoine le míchumas faoi ghannionadaíocht i measc iarratasóirí agus faighteoirí, i dteannta le meánluach níos ísle d’iarratais agus dámhachtainí. Bhí gannionadaíocht ag iarratasóirí le míchumas freisin i ngach contae seachas dhá cheann i gcomparáid leis an daonra áitiúil.
Eitneacht: Ba í an eitneacht / ba é an cúlra cultúrtha ba choitianta i measc iarratasóirí agus faighteoirí Éireannach Geal, i gcomhréir leis an daonra náisiúnta. Is airde an ráta rathúlachta freisin i measc iarratasóirí ó chúlraí Geala nó Éireannacha Geala, ach b’ísle i bhfad é i measc iad siúd ó chúlraí Gorma agus Éireannacha Gorma.
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal: Taighde ar an Snáithe ar Éagsúlacht Chultúrtha
I dteannta leis na staitisticí dámhachtana ginearálta sin, agus le dearcadh níos daonna a thairiscint faoin gcaoi a bhfaightear na dámhachtainí, ba mhaith linn torthaí an taighde arna stiúradh ag Create in 2019/2020 le healaíontóirí ó chúlraí eitnigh mhionlaigh agus imirceacha a bhí rannpháirteach le Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal a chomhroinnt. Ba é Evgeny Shtorn a rinne an taighde ina ról mar Thaighdeoir Éagsúlachta Cultúrtha le Create, agus cuimsíodh agallaimh dhoimhne le 14 ealaíontóir inti. Nochtar sa taighde go leor dúshlán agus bacainní d’ealaíontóirí ó chúlraí mionlaigh eitneacha agus imirceacha, chun cleachtadh ealaíon comhoibríoch a fhorbairt agus a bhuanú, agus dearcthaí agus tírdhreacha cultúrtha nua á réiteach.
Is féidir an tuarascáil iomlán Creating a Welcoming Environment, Stimulating Diverse Art a íoslódáil anseo: Creating a Welcoming Environment, Stimulating Diverse Art