Cuireann an
Chomhairle Ealaíon réimse deiseanna ar fáil atá spreagúil agus tairbheach,
deiseanna a chuireann ar chumas ár bhfoireann rannchuidiú tábhachtach a
sholáthar chun feabhas a chur ar shaol agus ar chleachtais/ar sheachadtaí
oibre na n-ealaíontóirí, na n-oibrithe ealaíon, páirtithe ar fud earnáil na
n-ealaíon agus pobal ar fud na hÉireann.
Tá a fhios
againn go bhfuilimid i ngeall le réimse leathan tallainne le réimse cúlraí,
scileanna agus cumas ionas go dtiocfaidh borradh faoin gComhairle Ealaíon
agus go leanfaidh sí ar aghaidh ag baint ár spriocanna amach, chun ár réimse
cliant agus páirtithe a léiriú. Breathnaímid ar éagsúlacht agus ar
ionchuimsitheacht mar chumasóir tábhachtach a thugann tacaíocht d’fhorbairt
ar fud earnáil na n-ealaíon. Is iad ár luachanna, sprioc agus nósanna a
chinntíonn go mbíonn meas againn ar rannchuidiú uathúil a chuireann gach
duine ar fáil.
Fógraítear
gach post sa Chomhairle Ealaíon atá oscailte d’iarrthóirí seachtracha ar an
suíomh gréasáin seo agus ar Publicjobs.ie agus is féidir rochtain a fháil
orthu ach cliceáil ar an nasc in íochtar.
Folúntais reatha:
Tá an
Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid
iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas a leagtar amach inár
mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlach -
Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon