Saoirse
smaointeoireachta agus léirithe rud atá
ríthábhachtach chun smaointe agus saothar nua a fhorbairt
Tiomantas do
shármhaitheas i ngach gné
dár gcuid oibre féin agus de shaothar ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon,
agus daoine eile lena dtacaímid
Sláine,
cuntasacht, trédhearcacht inár
gcinnteoireacht ar fad agus go háirithe san infheistíocht a dhéanaimid ar
airgead poiblí
Meas ar
éagsúlacht i gcleachtas
ealaíne, i rannpháirtíocht an phobail, agus i dtraidisiúin shóisialta agus
chultúrtha
Comhghleacaíocht cumarsáid a
dhéanamh agus oibriú go measúil le comhpháirtithe, páirtithe leasmhara agus
leis an earnáil ealaíon i gcoitinne
Tá forbairt
cultúir éagsúil agus uilechuimsithigh mar chrann taca ó thaobh na físe de chuid
na Comhairle Ealaíon do na hEalaíona in Éirinn, de réir mar a leagtar amach in “Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh”. Tá an phríomhsprioc uilechuimsitheach,
mar go gcuireann sé luach ar chách beag beann ar chúlraí, míchumas, creideamh,
féiniúlacht inscne, gnéasacht, aois, stádas pósta, eitneacht, cúlra
socheacnamaíoch - nasc chuig beartas CCDÉ