Úsáideann an Chomhairle Ealaíon painéil phiaraí chun cinntí maoinithe a dhéanamh maidir le dámhachtainí d’ealaíontóirí. Cuidíonn painéil chun caighdeáin cháilíochta a choimeád agus cinntíonn siad trédhearcacht. Úsáideann baill den phainéal piaraí a saineolas agus a gcuid eolais chun cinntí a mheas, a scóráil agus a dhéanamh de réir na gcritéar a foilsíodh don dámhachtain agus ag féachaint do na cistí atá ar fáil.
In 2018, lorg an Chomhairle Ealaíon ainmniúcháin le bheith ar fhadliosta don phainéal piaraí bunaithe ar na peer panel nomination guidelines.(0.3 MB, PDF) atá comhaontaithe. Deimhníodh gur chomhlíon ainmniúcháin incháilithe na critéir foilsithe agus d’fhaomh an Chomhairle iad i gcomhair 2018 go 2023.
Sa bhliain 2021, lorgaíodh ainmniúcháin bhreise chun ionadaíocht ar liosta an phainéal piaraí a mhéadú agus chun saineolas breise ar chomhionannas a chur le próiseas an phainéil piaraí de réir ár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht.
Sa bhliain 2021, lorgaíodh féinainmniúcháin bhreise chun ionadaíocht ar ár bpainéil a mhéadú agus chun saineolas breise a chur le próiseas an phainéil.
Arts Council Peer Panellists List 2022