Treoirlínte agus pacáistí lógó le haghaidh riachtanais aitheantais an mhaoinithe.
Is féidir an tsraith iomlán lógónna ón gComhairle Ealaíon (i nGaeilge agus i mBéarla) a íoslódáil anseo: Sraith Lógónna na Comhairle Ealaíon (.ZIP, 161 MB)
Tá lógónna le haghaidh cineálacha ealaíne ar leith, agus na lógónna ginearálta le haghaidh Maoiniú na nEalaíon ar fáil thíos.
Cuirtear comhaid le haghaidh lógónna Keyline (Príomha) agus Soladach (Tánaisteacha) i ndubh agus bán ar fáil i bhformáid .EPS, .AI agus .PNG le haghaidh gach seit lógónna.
Ní féidir lógó na Comhairle a atáirgeadh ach amháin ón bpríomhchomhad a thugtar duit agus ní ceadmhach é a líniú as an nua, a chóiriú ná a athrú.
Tagann an creidmheas maoinithe seo in ionad gach lógó a bhí roimhe seo ag an gComhairle Ealaíon. Tá feidhm ag na rialacha seo in ionad gach treoir agus riail a bhí ann cheana agus coimeádann an Chomhairle Ealaíon an ceart leasú agus nuashonrú a dhéanamh orthu amach anseo.
Má bhíonn ceist ar bith agat, téigh i dteagmháil le hoifig fáiltithe na Comhairle Ealaíon:
Ríomhphost: reception@artscouncil.ie
Guthán: 01 6180200 / 01 6180243
Treoirlínte maidir leis na Meáin Shóisialta a Aithint
Bíonn ról tábhachtach ag na meáin shóisialta maidir le do shaothar a fhógairt agus maoiniú ón gComhairle Ealaíon a admháil. Iarraimid ar aon ealaíontóir/eagraíocht mhaoinithe clib a chur linn ar aon chainéil meán sóisialta de bhur gcuid. Áirítear leis sin i mbeathaisnéisí próifíle agus in aon phostálacha gaolmhara aonair chomh maith. Ba cheart duit an haischlib #ArtsCouncilSupporteda úsáid.
Ba cheart duit freisin lógó ábhartha na Comhairle Ealaíon a úsáid ar aon íomhánna, lena n-áirítear meirgí meán sóisialta etc. áit is féidir.
Seo a leanas hanlaí na Comhairle Ealaíon ar na meáin shóisialta:
Twitter: @artscouncil_ie
Instagram: @artscouncilireland
Facebook: @artscouncilireland
Má bhíonn ceist ar bith agat, téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Meán Digiteach, Megan McInerney:
Ríomhphost:megan.mcinerney@artscouncil.ie
Guthán: 01 6180250