Aithníonn an Chomhairle Ealaíon inniu an fógra de mhaoiniú €140m mar chuid de Bhuiséad 2025.
Cuirfidh an maoiniú seo ar ár gcumas leanúint ag forbairt na n-ealaíon in Éirinn, ag infheistiú i mbonneagar a thacaíonn le hardleibhéil ghníomhaíochta agus a chuireann deiseanna ar fáil do luchtanna féachana agus éisteachta tairbhe a bhaint as eispéiris ealaíonta iontacha.
Teipfimid, áfach, ar na héilimh gan fasach a shásamh ar ár scéimeanna maoinithe.
Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Tugaimid aitheantas d’fhógra an lae inniu maidir le buiséad méadaithe na Comhairle Ealaíon de €140m. Gabhaimid buíochas leis an Aire Catherine Martin agus lena comhghleacaithe rialtais as leanúint le haitheantas a thabhairt do luach na n-ealaíon, i bhfógra an lae inniu agus ina gnóthachtáil chun leibhéil maoinithe a sheachadadh do na healaíona nach bhfacthas cheana ó ghlac sí oifig mar Aire.
Léiríonn ár dtaighde go mbeidh infheistíocht eile ag teastáil chun freagairt do phointí brú suntasacha in earnáil na n-ealaíon chun an toradh ar infheistíocht rialtais is fearr go dáta a sheachadadh. Áirítear leis sin an gá mór chun bonneagar a fhorbairt le tacú le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon, cosúil leis an gcampas ceannródaíoch atá beartaithe d’ealaíontóirí ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Leanfaimid ag lorg leibhéal maoinithe a bharrfheabhsaíonn deiseanna d’ealaíontóirí, oibrithe ealaíon agus luchtanna féachana agus éisteachta.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Táimid i ré órga do na healaíona in Éirinn agus ceadóidh maoiniú méadaithe don Chomhairle Ealaíon de €140M dúinn tacaíocht níos fearr a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon chun eispéiris ealaíon ardchaighdeáin a chruthú. Cé go bhfuil an figiúr le haghaidh 2025 ar an taobh íseal den mhéid a lorgaíomar chun an t-éileamh gan fasach ar ár scéimeanna maoinithe a shásamh agus chun oibriú i gcoinne brúnna airgeadais san earnáil, féachaimid chun tosaigh chun oibriú leis an Rialtas chun todhchaí inbhuanaithe a fhorbairt do na healaíona in Éirinn.
Fáiltím freisin roimh an scéal go bhfuil síneadh á chur leis an scéim phíolótach Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Tá cumas ollmhór ag an scéim gairm bheatha inmharthana a dhéanamh sna healaíona dóibh siúd a bhfuil uaillmhian agus tallann acu, beag beann ar a gcúlra sóisialta nó déimeagrafach, agus ailíníonn sí go dlúth le fís na Comhairle Ealaíon do phobal ealaíon éagsúil agus cuimsitheach in Éirinn.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht