Tá an-suim á cur ag lucht freastail Electric Picnic sa Phuball Liteartha (a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis) i Limistéar Laidineach an tSráidbhaile féin: an MindField Arena. Tá meascán carasmatach i gclár na bliana seo arís – cuirfear údair chomhaimseartha cheannródaíocha faoi agallamh, déanfar plé domhain ar litríocht chlasaiceach agus cuirfear ceol beo álainn i láthair. Tá an-cháil ar an bPuball Liteartha as na daoine a thugtar le chéile ann. I mbliana feicfear comhghuaillíochtaí thar a bheith úr, mar shampla na húdair dheisbhéalacha iontacha Will Self agus Carlo Gébler, agus an t-aisteoir Aidan Gillen agus Peter Murphy sa saothar The Dead de chuid James Joyce. Beidh roinnt tríréad den scoth againn freisin a thiocfaidh le chéile chun meascra guthanna a chruthú a fhanfaidh linn lasmuigh de chúinne an MindField.
Fuair úrscéal Will Self ón mbliain 2012, Umbrella, moladh nach bhfacthas riamh roimhe nuair a cuireadh amach é (bhí mórán den tuairim go raibh Man Booker Prize na bliana sin tuillte aige). Meastar gurb é sin barrshaothar Self. Tá an scéal leantach, Shark, díreach tar éis teacht amach. Déanann Self fiosrú eile ann ar an ngaol casta idir síceapaiteolaíocht an duine agus ár ndul chun cinn teicneolaíochta. Beidh sé ag comhrá le Carlo Gébler, a bhfuil a chuntas pearsanta fíormhothúchánach, Father & I (faoina chaidreamh lena athair, Ernest Gébler, agus lena mháthair, Edna O’Brien) ina shárshaothar sa chineál sin litríochta.
Is fearr aithne ar Julian Cope mar réabhlóidí iarphunc ach tá sé tar éis a chéad úrscéal a chur i gcló freisin dar teideal One Three One. Beidh an t-iar-amhránaí le Teardrop Explodes agus an t-údarás domhanda maidir le cultúr Neoiliteach ag caint le stiúrthóir cruthaitheach Faber, Lee Brackstone, an foilsitheoir atá freagrach as saothar fíornuálach Beck, Song Reader (i measc mórán imleabhair eile).
Léifidh Eimear McBride, atá ina húdar ar cheann de na leabhair is mó moladh le blianta beaga anuas, A Girl is a Half-Formed Thing, in éineacht le Paul Kingsnorth; cuireadh an t-úrscéal seo aigesean faoi shlua-mhaoiniú, The Wake, ar an bhfadliosta le haghaidh Man Booker Prize na bliana seo. Rinne an bheirt údar sin fiosrú ar theorainneacha na teanga ina saothar dúshlánach: McBride lena monalóg inmheánach sruth comhfheasa a athcheapann an nua-aoiseachas; Kingsworth lena ‘scáth-theanga’, ar teanga í a fhéachann le mothú an tsean-Bhéarla a chur in iúl trí chomhréir agus stór focal iasachta.
I mí an Mheithimh i mbliana, bhí McBride ar cheann de chúig údar déag a roghnaíodh chun ceann de scéalta Joyce a athchruthú le haghaidh an imleabhair spreagthaigh inspioráidigh, Dubliners 100. Ómós den scoth ann féin é sin do chnuasach críochnaithe an mháistir féin sa cheiliúradh céad bliain ó cuireadh i gcló é a chéaduair. Cuirfidh Peter Murphy a ‘leagan féin’ den saothar The Dead i láthair. Níl aon duine in ann aithris a dhéanamh ar chur i láthair Peter! Roimhe sin, léifidh an t-aisteoir Aidan Gillen sleachta as bunsaothar cáiliúil James Joyce. Is iomaí duine a shíleann gurb é sin an gearrscéal is fearr san fhichiú haois. Déanfaidh an t-amhránaí is cumadóir amhrán Lisa O’Neill athrá ar an mbailéad ‘The Lass of Aughrim’ agus is cinnte go mbeidh sé sin ina ócáid speisialta. Chan Frank Patterson é go fíoréifeachtach sa scannán a rinneadh ar shárshaothar Joyce.
Agus sinn fós ag caint ar ghearrscéalta, beidh beirt de na cleachtóirí is fearr sa tír sa réimse sin linn: Donal Ryan (a bhfuil a shaothar, The Spinning Heart, ina shárphíosa comhaimseartha) agus Colin Barrett (buaiteoir Dhámhachtain Frank O’Connor, agus ar ainmníodh a chéad chnuasach, Young Skins, le haghaidh an First Fiction Prize de chuid The Guardian). Beidh aoi an-speisialta ceoil i dteannta Donal agus Colin.
Bíonn focail agus ceol in éineacht i gcás bhunús lucht freastail Electric Picnic. Tá cáil bainte amach ag an bPuball Liteartha mar áit a gcuirtear údair agus ceoltóirí i gcuideachta a chéile chun cuid de bhuaicphointí na féile a chruthú. Beidh Roddy Doyle sa Phuball Liteartha arís i mbliana chun sleachta as a úrscéal clasaiceach, The Commitments, a léamh. Beidh baill den sárbhanna punc-cheoil, The Radiators from Space (aka Trouble Pilgrims), in éineacht leis agus beidh siadsan ag seinm amhráin móréilimh ar nós Under Clery’s Clock agus Kitty Ricketts. Philip Chevron, a cailleadh le gairid, a scríobh an dá amhrán sin. Bhíodh sé ina bhall den bhanna ceoil, The Pogues, cuid den am ach bhí sé ina fhear uasal an t-am ar fad. Is mór an cailleadh é.
Beidh an file Paul Muldoon, a rugadh in Ard Mhacha (a ndearnadh cur síos air in The Times Literary Supplement mar an file Béarla is tábhachtaí a tháinig ar an saol tar éis an Dara Cogadh Domhanda), i dteannta an fhile Gaeilge is mó a bhfuil ardmheas uirthi, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Iarla Ó Lionáird ón mbanna ceoil The Gloaming, ar cleachtóir sean-nóis é nach bhfuil a shárú le fáil.
Beidh an t-úrscéalaí clúiteach Amy Bloom linn ó Mheiriceá. Ainmníodh í le haghaidh Dámhachtain Náisiúnta Leabhar agus cuireadh ar an bhfadliosta í le haghaidh Dhámhachtain an National Book Critics Circle a bhfuil an oiread céanna measa uirthi. Rinneadh cur síos ar an úrscéal is nuaí dá cuid, Lucky Us, mar ‘úrscéal cruthaithe galánta’ san iris O de chuid Oprah Winfrey. Leabhar sárdhíola é i Meiriceá cheana féin agus tá sé tar éis teacht amach sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.
Tá caoga bliain anois ann ó fuair Brendan Behan bás. Beimid féin ag tabhairt ómóis dá shaol agus dá oidhreacht agus inár dteannta, i measc daoine eile, beidh an scannánóir Jim Sheridan (My Left Foot, In the Name of the Father) agus an t-aisteoir Peter Coonan (Fran in Love/Hate, agus Behan óg i léiriúchán an Gaiety ar Borstal Boy atá le teacht). Beidh aoi an-speisialta i gcuideachta Jim agus Peter.
←Fill ar ais go dtí an nuacht