Is mór is oth leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil Monica Frawley ar shlí na fírinne. Dearthóir agus stiúrthóir físeach a bhí i Monica, múinteoir agus meantóir inspioráideach agus ionadaí paiseanta ar bhaill den earnáil deartha stáitse a bhí ag teacht chun cinn.
D’oibrigh Monica ar feadh tríocha bliain mar dhearthóir le hAmharclann na Mainistreach, le hAmharclann an Gheata, le Compántas Amharclannaíochta Druid, le hAmharclann Guthrie (Minneapolis), le Ceoldráma Éireann, le hAmharclann Damhsa Céim, le Siren Productions agus le go leor compántais Éireannacha eile. Sa Ríocht Aontaithe, d’oibrigh sí leis an National Theatre, le Tricycle Theatre agus leis an Traverse i nDún Éideann. Ba chomhoibrí í a bhí lárnach do go leor compántas agus stiúrthóirí móra, agus is í a rinne an dearadh don chéad léiriú do dhrámadóirí móra na hÉireann go minic, Frank McGuinness, Tom Murphy, Marina Carr agus Brien Friel ina measc. Le deireanaí, bhí a cuid saothar le feiceáil in Amharclann an Ark agus in Amharclann an Gheata, Baile Átha Cliath. Theagasc sí dearthóirí óga in Acadamh Lir agus in áiteanna eile. In 2019, bronnadh Duais Speisialta na Moltóirí uirthi ag Gradaim Amharclannaíochta The Irish Times mar gheall ar a bhfuil déanta aici ar son na hamharclannaíochta.
Cuimhneofar go brách ar bheocht, ar ghreann, ar fhuinneamh agus ar thiomantas gan teorann Monica, ar a féith ealaíne den scoth, a flaithiúlacht agus a cineáltas chomh maith leis an mbua iontach a bhí aici mar chomhoibrí agus an obair cheannródaíoch a rinne sí ar dhearadh seit agus feistis.
←Fill ar ais go dtí an nuacht