D'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone, TD, inniu go dtiocfaidh gach foráil eile den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, i ngníomh ar an 11 Nollaig 2017, tar éis beagnach dhá bhliain d'ullmhúcháin.
Áirítear leis na forálacha sin: tuairisciú éigeantach ar mhí-úsáid leanaí; agus oibleagáid dhlíthiúil a chur ar eagraíochtaí (a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí) Ráiteas um Chosaint Leanaí a ullmhú agus a fhoilsiú.
Bhí an tAire Zappone ag labhairt ag seoladh na treorach, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (2017). Tagann an leagan úr athbhreithnithe seo i gcomharbacht ar an treoir, Tús Áite do Leanaí, ón mbliain 2011.
Áirítear sa Treoir athbhreithnithe tagairt d'fhorálacha an Achta um Thús Áite do Leanaí agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige ag http://www.dcya.gov.ie.
Ag an seoladh céanna chuir Tusla sraith thionlacain de cháipéisí acmhainní, a bhaineann le Tús Áite do Leanaí, i gcló le haghaidh na ndaoine aonair agus na n-eagraíochtaí sin a bheidh faoi réir oibleagáidí dlíthiúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Lena chois sin, sheol Tusla bunchlár oiliúna cuimsitheach maidir le Tús Áite do Leanaí. Maireann sé 90 nóiméad. Cuirfear an clár ar fáil ar líne saor in aisce. Tá sraith Tusla d'ábhair acmhainní a bhaineann le Tús Áite do Leanaí agus eolas faoi rochtain ar an modúl ríomhfhoghlama le fáil ar http://www.tusla.ie.
Tá an treoir athbhreithnithe, Tús Áite do Leanaí, agus acmhainní Tusla maidir le Tús Áite do Leanaí á seoladh sula dtiocfaidh an tAcht i ngníomh ina iomláine ar an 11 Nollaig, chun go mbeidh am ag na daoine aonair agus ag na heagraíochtaí sin (a bheidh faoi réir oibleagáidí dlíthiúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 ón 11 Nollaig ar aghaidh) ullmhúcháin a dhéanamh.
Arsa an tAire: "Ós rud é go bhfuil dáta á fhógairt agam le haghaidh thosach feidhme iomlán na bhforálacha eile den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 – is é sin an 11 Nollaig – tá gealltanas fadtéarmach de chuid an Rialtais á chomhlíonadh agam maidir le tuairisciú éigeantach ar mhí-úsáid leanaí." Dúirt sí freisin: "Cé go dtuigim go bhfuil dúshlán mór roimh dhaoine aonair agus eagraíochtaí chun a bhfreagrachtaí faoin Acht um Thús Áite do Leanaí a chomhlíonadh, tá gá leis ar mhaithe le cosaint ár leanaí. Tá sé i gceist go gcuideoidh an réimse cuimsitheach ábhar atá á seoladh inniu leo a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh".
Thug an tAire aitheantas agus buíochas dóibh siúd a oibríonn go crua lena chinntiú go dtugtar aire, tacaíocht agus cosaint do gach leanbh a ndéanann siad caidreamh leo. Dúirt sí, “Tá dea-chleachtas i dtaca le cosaint leanaí glactha agus curtha i bhfeidhm cheana féin ag cleachtóirí san earnáil ghairmiúil agus san earnáil dheonach, ag gairmithe leighis, ag Gardaí, ag oibrithe óige, ag múinteoirí agus ag cóitseálaithe ar fud na hÉireann. Tá Tús Áite do Leanaí á chur i bhfeidhm ina iomláine ag na daoine sin cheana féin agus tuigeann siad an dualgas atá orthu leanaí a choimeád sábháilte".
Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí chun leanaí agus daoine óga a choinneáil slán ó chontúirt agus chun cabhrú leo lánchumas a bhaint amach, agus ba mhaith liom spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag obair le leanaí chun leanúint ar aghaidh leis an sárobair. Tá súil agam go mbainfidh teaghlaigh, pobail agus na daoine sin a bhíonn ag plé le leanaí an-leas as an Treoir athbhreithnithe de chuid Tusla, Tús Áite do Leanaí, agus as na cáipéisí acmhainní a ghabhann léi. Tá súil agam go dtabharfaidh na cáipéisí tacaíocht dóibh ina gcuid oibre."
←Fill ar ais go dtí an nuacht