Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon sonraí faoi
dheiseanna maoinithe a roinnt i réimse na nDaoine Óga, na Leanaí agus an
Oideachais (DÓLO). Ina measc seo tá Coimisiúin, Scéim Ensembles na nÓg, Scéim
Phíolótach na nEalaíon i Luathfhoghlaim agus Cúram/Cúram Leanaí ar Aois Scoile
agus Cónaitheachtaí DÓLO.
Mar is gnáth, má bhíonn aon cheist agat, déan
teagmháil leis an bhfoireann DÓLO chomh luath agus is féidir. Is féidir
teagmháil a dhéanamh linn ag ypce@artscouncil.ie
Coimisiúin DÓLO
Is é an Déardaoin 23 Feabhra, ar 5.30 i.n. an
spriocdháta do choimisiúin DÓLO.
Is é cuspóir na Dámhachtana Coimisiún coimisiúnú
saothair nua ó shaorealaíontóirí a éascú. I réimse DÓLO, d’fhéadfadh an
dámhachtain tacaíocht a thabhairt, mar shampla, d’eagraíocht a oibríonn le
daoine óga – e.g. scoil, ospidéal, obair óige, luathfhoghlaim, nó suíomh eile
oideachais – chun ealaíontóir a choimisiúnú chun saothar nua uaillmhianach a
chruthú in éineacht le agus do na leanaí agus na daoine óga sa suíomh sin
D’fhéadfadh an dámhachtain tacaíocht a thabhairt d’eagraíocht ealaíon chun
obair a choimisiúnú le haghaidh daoine óga ó ealaíontóirí nár coimisiúnaíodh
roimhe seo. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin saothar a choimisiúnú ó
ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn; ealaíontóirí ó
phobail a raibh tearc-ionadaíocht acu in obair na heagraíochta go dtí seo;
agus/nó ealaíontóirí atá ag obair ar bhealach atá nua d’obair na
heagraíochta.
Is é €15,000 an t-uasmhéid is féidir a bhronnadh ar
gach iarratasóir rathúil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Scéim Ensembles na nÓg
Is é an Déardaoin 02 Márta ar 5:30 i.n. spriocdháta do
Scéim Ensembles na nÓg Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a
thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois
chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go gníomhach le
chéile le saothar uaillmhianach úrnua i bhfoirm ealaíne ar bith. Ní mór go
mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.
Baineann dhá shnáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba
cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní
féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an
maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó
atá ar fáil faoi shnáithe 2.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin dá shnáithe agus
chun na treoirlínte iomlána a léamh, féach anseo
Na hEalaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram/Cúram Leanaí
ar Aois Scoile – Scéim Phíolótach
Tá an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an
Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais agus Óige (DCEDIY) chun scéim Ealaíona
sa Luathfhoghlaim & Cúram (ELC) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) a
phíolótú. Déanfaidh grúpa stiúrtha atá comhdhéanta d'ionadaithe ón Rannóg
Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile DCEDIY, cigireacht
atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta de chuid na Roinne Oideachais, an
Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), an Roinn Turasóireachta,
Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM), agus an Chomhairle
Ealaíon maoirseacht ar an scéim phíolótach.
Tá sé mar aidhm ag an scéim phíolótach tacú le
healaíontóirí gairmiúla agus le heagraíochtaí ealaíon chun oibriú le suíomhanna
Luathfhoghlama & Cúraim (ELC)/Cúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC), agus mar
chuid de, déanfar iniúchadh agus forbairt ar Dhréacht-Phrionsabail maidir le bheith Rannpháirteach sna
hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige,
a d'fhoilsigh an DCEDIY le déanaí. Tá sé mar aidhm aige leanaí idir 0-3, 4-6
agus 7+ a chuimsiú i suíomhanna éagsúla in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.
Táthar ag súil go nglacfaidh suas le hocht suíomh, agus suas le ceathrar
ealaíontóir/eagraíochtaí ealaíon páirt sa scéim phíolótach.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh iarratais
ó ealaíontóirí a bhfuil taithí acu agus eagraíochtaí ealaíon páirt a ghlacadh
sa scéim phíolótach. Gheobhaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a
roghnófar maoiniú chun oibriú le dhá shuíomh ábhartha ar a laghad, agus chun
bheith mar chuid de ghrúpa taighde a threoróidh forbairt beartais agus
acmhainní sa réimse seo. Ní mór d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon
cuntas teiste a bheith acu maidir le healaíona ar ardchaighdeán a sholáthar i
bhfoghlaim agus cúram na luath-óige.
Tá an Glaoch ar Iarratais ar fáil anseo. Is
é an Déardaoin 2 Márta ar 5:30 i.n. an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Scéim Cónaitheachta d’Ealaíontóirí agus Obair
Óige
Rinneadh an Scéim Cónaitheachta d’Ealaíontóirí agus
Obair Óige a dhearadh chun comhpháirtíochtaí nuálacha a chur chun cinn idir
grúpaí óige, ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon. I measc na gcineálacha
cónaitheachta a d’fhéadfadh bheith i gceist, tá ealaíontóir cónaithe i suíomh
oibre don óige agus/nó grúpa óige i mbun cónaitheachta i suíomh ealaíon.
Tá an scéim seo á bainistiú ag Comhairle Náisiúnta
Óige na hÉireann thar ceann na Comhairle Ealaíon agus na Roinne Leanaí,
Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tabhair faoi deara go
bhféadfadh an dámhachtain bheith faoi réir coinníollacha agus critéar atá
éagsúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le dámhachtainí arna riar go
díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba cheart iarratais ar fhaisnéis nó
foirmeacha iarratais a sheoladh chuig Clár Náisiúnta Ealaíon na nÓg ag CNÓÉ. Is
é an Aoine, 31 Márta ar 12 i.n. an spriocdháta le haghaidh iarratas. Tá
tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Cónaitheachtaí DÓLO
Tá an scéim oscailte d'institiúidí Ardoideachais a
chuireann Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus/nó cúrsa a leanann ar aghaidh chuig
céim leibhéal 7 nó 8 san oideachas nó i gcúram luath-óige ar fáil. Caithfidh
institiúidí óstacha iarratas a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le healaíontóir nó
le heagraíocht ealaíon.
Beifear ag glacadh le hiarratais ón 7 Márta agus is é
an Déardaoin 6 Aibreán ar 5:30 i.n. an spriocdháta.
Is é €20,000 an t-uasmhéid is féidir a bhronnadh ar
gach iarratas rathúil.
Tugann
Cónaitheachtaí DÓLO (Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas) tacaíocht
d’ealaíontóirí nó d’eagraíochtaí ealaíon bliain acadúil a chaitheamh ina gcónaí
in Institiúid Ardoideachais in Éirinn a chuireann Oiliúint Tosaigh Múinteoirí
ar fáil (oideachas bunscoile, iarbhunscoile nó breisoideachais) agus/nó
cáilíocht aitheanta in oideachas agus i gcúram luath-óige. Tuilleadh
eolais agus treoirlínte ar fáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht