Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Chomhairle Contae na hIarmhí imeacht speisialta a fhógairt chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar an údar iomráiteach, John Broderick, arbh as Baile Átha Luain é. Beidh ceiliúradh ar siúl tráthnóna idir 6i.n. agus 8i.n. i nDánlann Luan i mBaile Átha Luain. Ócáid ómóis a bheidh ann ar an oíche, mar cheiliúradh ar shaol Broderick, ar a shaothar cumhachtach, agus ar a oidhreacht leanúnach i gcanóin litríochta na hÉireann agus i bhficsean LADTA+. Ag an ócáid, fógrófar an scríbhneoir ar a mbronnfar cónaitheacht scríbhneora John Broderick i mbliana agus seolfar an athuair leagan clóite d’úrscéal mór le rá John, The Waking of Willie Ryan, a bheidh ar fáil freisin mar chlosleabhar den chéad uair riamh.
Rugadh John Broderick ar an 30 Iúil, 1924, i mBaile Átha Luain agus b’údar agus léirmheastóir liteartha mór le rá é. I gcaitheamh a shaoil, scríobh sé 12 úrscéal, agus áirítear lena shaothair shuntasacha The Waking of Willie Ryan agus The Pilgrimage, ar ar cuireadh cosc tráth. Fuair Broderick bás in Bath, Sasana sa bhliain 1989.
D’fhág Broderick a eastát le huacht ag an gComhairle Ealaíon “chun tairbhe agus cur chun cinn na nEalaíon i mBaile Átha Luain”. Bunaíodh leis an dearlaic fhlaithiúil seo cónaitheacht scríbhneora i mBaile Átha Luain a chuaigh chun leasa na scríbhneoirí Annemarie Ní Churreáin (2018), Martin Dyar (2019), agus Keith Payne (2021). Chuaigh gach duine acu i ngleic go mór le saothair Broderick le linn a gcónaitheachtaí.
Is ar Eithne Shortall, an t-údar, colúnaí agus craoltóir iomráiteach, a bhronnfar cónaitheacht scríbhneora John Broderick in 2024. Tá cúig úrscéal shárdhíola scríofa ag Eithne, Love in Row 27 agus Grace After Henry san áireamh. Bhuaigh Grace After Henry an duais “Best Page Turner” ag Dámhachtainí Big Book na Ríochta Aontaithe. Rinne sí obair shuntasach i réimse na hiriseoireachta agus na craoltóireachta chomh maith, agus í ag obair le RTÉ, BBC agus TG4. Cuirfidh Eithne tús lena cónaitheacht i mí Mheán Fómhair 2024.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Le linn na 1960idí agus na 1970idí, spreag saothar John Broderick léitheoirí agus thug a ndúshlán a bhuí lena dhoimhneacht agus lena mhacántacht. Scríobh sé faoi ábhair nár labhraíodh fúthu mórán ag an am agus bhí an‑tionchar ag a oidhreacht fhlaithiúil ar na healaíona i mBaile Átha Luain. Tá tallann den scoth cothaithe ag an gcónaitheacht scríbhneora a cuireadh ar bun a bhuí lena thiomnacht, ag ligean do scríbhneoirí mionléamh a dhéanamh ar shaothair Broderick agus saothair nua litríochta atá ar an dul céanna a chruthú. Is léiriú é an ceiliúradh céad bliain seo ar an tionchar leanúnach atá aige agus an ról ríthábhachtach atá ag na healaíona inár bpobal."
Agus í ag caint roimh an seoladh, dúirt Sinéad O’Reilly, Stiúrthóir Ealaíon Comhcheangailte na Comhairle Ealaíon: “Táimid ag iarraidh aird a tharraingt ar a oidhreacht leis an imeacht céad bliain agus an tsraith chónaitheachta seo agus go gcuirfear é san áit is dual dó i súile an phobail, ar aon chéim le piaraí litríochta amhail Brendan Behan agus Flann O’Brien. Tá an ceiliúradh seo ar a shaol agus a shaothar tuillte ag an díograis a bhí aige i leith na n-ealaíon agus i leith a bhaile dúchais, Baile Átha Luain, agus dearbhú atá ann ar an tionchar leanúnach atá aige ar shaol na litríochta.”
Dúirt an Comhairleoir Frankie Keena, Méara Cheantar Bardasach Bhaile Átha Luain: “Rugadh roinnt pearsana cultúrtha den scoth i gContae na hIarmhí, agus ar dhuine de na pearsana is fearr astu sin ná John Broderick. Tá céad bliain ann ó rugadh Broderick, rud a thugann deis dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ar chuir Broderick le cultúr litríochta na hÉireann agus le cultúr Bhaile Átha Luain. Táimid ag súil go mór le teacht le chéile i ndánlann fíorálainn Bhaile Átha Luain, Dánlann Luan, ar an 30 Iúil chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Broderick.”
Ag an comóradh céad bliain, tabharfar onóir dar chuir Broderick leis an litríocht agus don tionchar suntasach a bhí aige ar fhicsean LADTA+ in Éirinn. Mar chuid den ócáid, beidh léamh, plé agus machnamh ar a shaothar agus ar a thábhachtaí agus atá sé sa lá atá inniu ann.
Mar aon leis an gcomóradh céad bliain, athfhoilseoidh Lilliput Press úrscéal mór le rá Broderick The Waking of Willie Ryan. Beidh an t‑eagrán nua seo ar fáil mar leagan clóite agus mar chlosleabhar araon, á aithris ag an aisteoir Naoise Dunbar. Scéal Willie Ryan atá san úrscéal seo, fear aerach seasca bliain d’aois a fhilleann ar a bhaile dúchais tar éis cúig bliana is fiche a chaitheamh i ngealtlann, áit ar chuir a theaghlach é. Léifidh Naoise sleachta ón leabhar seo ag an ócáid.
Beidh an t‑eagrán faoi chlúdach bog ar fáil trí ghréasán na leabharlann agus is féidir é a cheannach freisin ar shuíomh Lilliput Press (https://www.lilliputpress.ie/product/the-waking-of-willie-ryan) agus i siopaí leabhar ar fud na tíre ón tseachtain dar tús 29 Iúil.
Beidh an closleabhar ar fáil saor in aisce trí ghréasán na Leabharlann ar an aip Borrow Box, agus ar shuíomh gréasáin Lilliput Press anseo: https://www.lilliputpress.ie/bookshop-category/audio
Cuirfidh Bream / Dylan Ó Muineóg an ceol ar fáil.
←Fill ar ais go dtí an nuacht