Reáchtáil an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Contae na hIarmhí imeacht speisialta inné chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar an údar iomráiteach, John Broderick, arbh as Baile Átha Luain é. Bhí breis is 100 duine i láthair ag an imeacht ceiliúrtha, a bhí ar siúl i nDánlann Luan, a bhfuil duaiseanna buaite aici, i mBaile Átha Luain. Ócáid ómóis a bhí san oíche, ceiliúradh ar shaol Broderick, ar a shaothar cumhachtach, agus ar a oidhreacht leanúnach i gcanóin litríochta na hÉireann agus i bhficsean LADTA+. Fógraíodh gur ar an údar, Eithne Shortall, a bronnadh cónaitheacht scríbhneora John Broderick i mbliana. Chomh maith leis sin, seoladh an athuair leagan clóite d’úrscéal mór le rá John, The Waking of Willie Ryan, atá ar fáil freisin mar chlosleabhar den chéad uair riamh.
Rugadh John Broderick ar an 30 Iúil, 1924, i mBaile Átha Luain agus b’údar agus léirmheastóir liteartha mór le rá é. I gcaitheamh a shaoil, scríobh sé 12 úrscéal, agus áirítear lena shaothair shuntasacha The Waking of Willie Ryan agus The Pilgrimage, ar ar cuireadh cosc tráth. Fuair Broderick bás in Bath, Sasana, sa bhliain 1989.
D’fhág Broderick a eastát le huacht ag an gComhairle Ealaíon “chun tairbhe agus cur chun cinn na nEalaíon i mBaile Átha Luain”. Bunaíodh leis an dearlaic fhlaithiúil seo cónaitheacht scríbhneora i mBaile Átha Luain a chuaigh chun leasa na scríbhneoirí Annemarie Ní Churreáin (2018), Martin Dyar (2019), agus Keith Payne (2021). Chuaigh gach duine acu i ngleic le saothair Broderick le linn a gcónaitheachtaí.
Is údar, colúnaí agus craoltóir iomráiteach í scríbhneoir cónaithe John Broderick 2024, Eithne Shortall. Tá cúig úrscéal shárdhíola scríofa ag Eithne, Love in Row 27 agus Grace After Henry san áireamh. Bhuaigh Grace After Henry an duais “Best Page Turner” ag Dámhachtainí Big Book na Ríochta Aontaithe. Rinne sí obair shuntasach i réimse na hiriseoireachta agus na craoltóireachta chomh maith, agus í ag obair le RTÉ, BBC agus TG4. Cuirfidh Eithne tús lena cónaitheacht i mí Mheán Fómhair 2024.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas: “Tá lúcháir orainn gur roghnaíodh Eithne Shortall mar Scríbhneoir Cónaithe John Broderick 2024. Le linn na 1960idí agus na 1970idí, spreag saothar John léitheoirí agus thug a ndúshlán a bhuí lena dhoimhneacht agus lena mhacántacht. Scríobh sé faoi ábhair nár labhraíodh fúthu mórán ag an am agus bhí an‑tionchar ag a oidhreacht fhlaithiúil ar na healaíona i mBaile Átha Luain. Tá tallann den scoth cothaithe ag an gcónaitheacht scríbhneora a cuireadh ar bun a bhuí lena thiomnacht, ag ligean do scríbhneoirí mionléamh a dhéanamh ar shaothair Broderick agus saothair nua litríochta atá ar an dul céanna a chruthú. Is léiriú é an ceiliúradh céad bliain seo, ceapachán Eithne san áireamh, ar an tionchar leanúnach atá aige agus an ról ríthábhachtach atá ag na healaíona inár bpobal."
Agus í ag caint ag an seoladh inné, dúirt Sinéad O’Reilly, Stiúrthóir Ealaíon Comhcheangailte na Comhairle Ealaíon: “Táimid ag iarraidh aird a tharraingt ar a oidhreacht leis an imeacht céad bliain agus an tsraith chónaitheachta seo agus go gcuirfear é san áit is dual dó i súile an phobail, ar aon chéim le piaraí litríochta amhail Brendan Behan agus Flann O’Brien. Tá an ceiliúradh seo ar a shaol agus a shaothar tuillte ag an díograis a bhí aige i leith na n-ealaíon agus i leith a bhaile dúchais, Baile Átha Luain, agus dearbhú atá ann ar an tionchar leanúnach atá aige ar shaol na litríochta. Agus an clár céad bliain á chur i bhfeidhm againn, beidh ról lárnach ag an scríbhneoir cónaithe nua, Eithne Shortall, maidir le beocht a chur in oidhreacht John Broderick.”
Bhí an Comhairleoir Frankie Keena, Méara Cheantar Bardasach Bhaile Átha Luain, i láthair ag an ócáid freisin, agus dúirt: “Rugadh roinnt pearsana cultúrtha den scoth i gContae na hIarmhí, agus ar dhuine de na pearsana is fearr astu sin ná John Broderick. Tá céad bliain ann ó rugadh Broderick, rud a thugann deis dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ar chuir Broderick le cultúr litríochta na hÉireann agus le cultúr Bhaile Átha Luain. Táimid ag súil go mór le teacht le chéile i ndánlann fíorálainn Bhaile Átha Luain, Dánlann Luan, ar an 30 Iúil chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Broderick.”
Ag an comóradh céad bliain, tugadh onóir dar chuir Broderick leis an litríocht agus don tionchar suntasach a bhí aige ar fhicsean LADTA+ in Éirinn. Mar chuid den ócáid, beidh léamh, plé agus machnamh ar a shaothar agus ar a thábhachtaí agus atá sé sa lá atá inniu ann.
Mar aon leis an gcomóradh céad bliain, athfhoilseoidh Lilliput Press úrscéal mór le rá Broderick The Waking of Willie Ryan. Beidh an t‑eagrán nua seo ar fáil mar leagan clóite agus mar chlosleabhar araon, á aithris ag an aisteoir Naoise Dunbar. Scéal Willie Ryan atá san úrscéal seo, fear aerach seasca bliain d’aois a fhilleann ar a bhaile dúchais tar éis cúig bliana is fiche a chaitheamh i ngealtlann, áit ar chuir a theaghlach é. Léifidh Naoise sleachta ón leabhar seo ag an ócáid.
Beidh an t‑eagrán faoi chlúdach bog ar fáil trí ghréasán na leabharlann agus is féidir é a cheannach freisin ar shuíomh Lilliput Press (https://www.lilliputpress.ie/product/the-waking-of-willie-ryan) agus i siopaí leabhar ar fud na tíre ón tseachtain dar tús 29 Iúil.
Tá an closleabhar ar fáil saor in aisce trí ghréasán na Leabharlann ar an aip Borrow Box, agus ar shuíomh gréasáin Lilliput Press anseo: https://www.lilliputpress.ie/bookshop-category/audio
Rinne iarScríbhneoirí Cónaithe Keith Payne agus Annemarie Ní Churreáin léamh filíochta ag an ócáid. Thug léachtóir de chuid Ollscoil Mhá Nuad, Martin G. Cronin, léargas ar shaothar John. Léigh an t‑aisteoir Naoise Dunbar ó The Waking Of Willy Ryan a athfhoilsíodh le déanaí, agus ba é Bream / Dylan Ó Muineóg a chuir an ceol ar fáil ar an oíche.
←Fill ar ais go dtí an nuacht