Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a mbrón a chur in iúl ar bhás an fhile agus an chomhalta d’Aosdána, Maurice Scully.
Rugadh Maurice Scully i mBaile Átha Cliath i 1952 agus chaith laethanta a óige idir Contae an Chláir, Gaeltacht na Rinne agus Baile Átha Cliath. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Le linn gairmréim scríbhneoireachta ar chuir sé tús léi go luath sna 1970idí, d’fhoilsigh sé breis agus dosaen cnuasach filíochta agus ghlac páirt i gcomhdhálacha agus i bhféilte in Éirinn, sa RA agus i SAM, mar a raibh an-tóir ag daoine ar a chuid léamh filíochta le léirmhíniú ríthábhachtach a fháil ar a shaothar casta ardspéisiúil.
Is é a dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, inniu: “Méala mór don Chomhairle Ealaíon bás an fhile iomráitigh, Maurice Scully. Bhí ionbhá agus leochaileacht iontach le sonrú ina chuid scríbhneoireachta, agus bhí léitheoirí dílse aige ar fud an domhain mar gheall air sin. Cailliúint mhór is ea a bhás do litríocht na hÉireann."
Arsa Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “File gradamach agus comhalta d’Aosdána ab ea Maurice Scully. Chuir sé go mór agus go luachmhar leis an scríbhneoireacht i rith a ghairme fada. Aireoimid uainn go mór é ach tá oidhreacht mharthanach fágtha ina dhiaidh aige agus gabhaimid comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus lena chairde.”
Le 25 bliain anuas, bhí saothar Scully dírithe ar an aon tionscadal mór fairsing faoin teideal foriomlán, Things That Happen, a chuimsíonn 5 Freedoms of Movement, Livelihood, Sonata, agus Tig, códa an tsaothair ar fad. Tar éis roinnt mhaith blianta a chaitheamh ina chónaí san Iodáil, san Afraic agus in iarthar na hÉireann, chuir sé faoi in éineacht lena bhean agus a cheathrar clainne i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé ag múineadh ar feadh tamaill in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Ar na saothair eile a d’fhoilsigh sé agus a raibh díol leitheadach orthu, bhí, Love Poems & Others, The Basic Colours, Priority, Steps, Doing the Same in English, A Tour of the Lattice, Several Dances agus A Line of Tiny Zeros in the Fabric. Ar na foilseacháin ar líne ó Smithereens Press leis, bhí Rain & Plays. Tá an dlúthdhiosca leis, Mouthpuller, le fáil ar PennSound mar aon le léamh a rinne sé ag Unnameable Books, cathair Nua-Eabhrac in 2018.
Bronnadh Comhaltacht Macaulay air in 1982, sparánachtaí de chuid na Comhairle Ealaíon sa Litearthacht air in 1986 agus 1988, agus Comhaltacht Katherine & Patrick Kavanagh in 2004. Toghadh le hAosdána é sa bhliain 2009.
Is féidir cuid foilseachán Maurice a fheiceáil ar a shuíomh gréasáin anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht