- D’fhreastail 83% de na
daoine a rinne an suirbhé in 2024 ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad sa 12
mhí roimhe, ardú 11% i gcomparáid le 2023
- Is iad costas agus luach ar airgead na príomhúdair
imní is mó do lucht féachana agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le freastal ar
imeachtaí ealaíon
- Ní aontaíonn ach 12% acu siúd a ghlac páirt sa suirbhé
go láidir go bhfuil comhionannas deiseanna ann do gach duine a bhfuil cónaí
orthu in Éirinn freastal ar agus páirt a ghlacadh sna healaíona
D’fhoilsigh an
Chomhairle Ealaíon taighde nua a léiríonn go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag
freastal ar imeachtaí ealaíon in Éirinn ag filleadh ar leibhéil a bhí ann roimh
Covid.
Léiríonn na torthaí ón
suirbhé bliantúil, Léargas ar na hEalaíona, gur fhreastail 83% de mhuintir na
hÉireann ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad sa 12 mhí roimhe sin, ardú 11% i
gcomparáid le 2023, nuair b’ionann an figiúr seo agus 72%.
D’fhreastail 59% ar
imeachtaí i bhfoirmeacha ealaíne a bhí maoinithe ag an gComhairle Ealaíon go
traidisiúnta in 2024, lena n‑eisiatar freastal ar scannáin, ar cheoldrámaí, ar
fhuirseoireacht ar na boinn, ar cheol tíre, rac-cheol nó popcheol. Tá an
céatadán seo níos airde ná an 51% a bhí ann in 2023.
Léiríonn torthaí an
tsuirbhé go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí ealaíon ag
filleadh ar leibhéil a bhí ann roimh Covid. In 2018, chuir 82% in iúl gur
fhreastal siad ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad, agus chuir 60% in iúl gur
fhreastail siad ar imeachtaí i bhfoirmeacha ealaíne a bhí maoinithe ag an
gComhairle Ealaíon go traidisiúnta.
Bunaithe in 2018, is é
cuspóir Léargas ar na hEalaíona ná bearta críochnúla staitistiúla a bhunú ar
mheon agus iompraíochtaí phobal na hÉireann maidir leis na healaíona agus
cultúr; agus conas a thagann sé seo le hiompar tomhaltóirí agus nósanna
maireachtála eile.
Don suirbhé in 2024,
rinne Ipsos B&A agallaimh aghaidh ar aghaidh le sampla ionadaíoch náisiúnta
de bhreis agus 1,000 duine fásta os cionn 16 bliana d’aois, thar ceann na
Comhairle Ealaíon.
Leag torthaí an
tsuirbhé béim ar chostas imeachtaí agus luach ar airgead mar príomhúdair imní
don lucht féachana agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le freastal ar imeachtaí
ealaíon.
Deir 44% acu siúd a
chuir in iúl gur mhian leo freastal ar imeachtaí ealaíon níos minice gur
constaic is ea an costas a bhaineann leo. Tá an figiúr seo níos airde ná an 39%
a bhí ann in 2023.
Deir 39% acu siúd a
ghlac páirt sa suirbhé go raibh siad ‘thar a bheith sásta’ leis an luach ar
airgead a bhain lena n-eispéireas is déanaí ag freastal ar imeacht ealaíon. Is
titim shuntasach í seo ó 50%, an céatadán a bhí ann in 2018.
Chomh maith leis seo,
leagann torthaí an tsuirbhé béim ar údair imní a bhaineann le comhionannas
rochtana ar eispéiris ealaíon. Níor aontaigh ach 12% acu siúd a ghlac páirt sa
suirbhé go láidir ‘go bhfuil comhionannas deiseanna ann do gach duine a bhfuil
cónaí orthu in Éirinn freastal ar agus páirt a ghlacadh sna healaíona, beag
beann ar aois, aicme, eitneacht, míchumas, srl.’. Deir 31% acu siúd atá ag
iarraidh freastal ar imeachtaí ealaíon níos minice go bhfuil rogha teoranta ann
nó caighdeán íseal den chineál seo imeachta san áit a bhfuil cónaí orthu.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Cuirimid fáilte mhór
roimh an bhfianaise, a léiríonn Léargas ar na hEalaíona dúinn, go bhfuil líon
na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí ealaíona in Éirinn tar éis
filleadh ar na leibhéil chéanna is a bhí ann roimh Covid. Ba mhaith liom obair
dhian ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a mholadh go hard as lucht
féachana nua agus lucht féachana atá ag filleadh ar na healaíona a mhealladh, i
ndiaidh an tionchair dhomhain a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil ealaíon.
D’imir leibhéil
mhéadaithe infheistíochta an rialtais ról ríthábhachtach maidir le tacaíocht a
thabhairt don earnáil tríd na dúshláin a bhí ann le blianta beaga anuas, ach is
léir ó thorthaí an tsuirbhé go bhfuil costas agus cúinsí eacnamaíochta mar phríomhchonstaicí
ar fhreastal ar imeachtaí ealaíon go fóill.
Tá an-luach ag baint
le torthaí an tsuirbhé Léargas ar na hEalaíona maidir lenár n-obair a threorú
le tírdhreach ealaíon níos ilchineálaí agus níos ionchuimsithí a fhorbairt ina
mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh.
Táimid ag súil go mór
le torthaí an tsuirbhé a phlé le daoine eile san earnáil agus sa rialtas sna
seachtainí romhainn agus muid ag leanúint ar aghaidh ag obair lena chéile le
hearnáil na n-ealaíon a fhorbairt d’ealaíontóirí agus don lucht féachana araon.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht