Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon Ag Tacú le Scríbhneoireacht i nGaeilge a
fhoilsiú. Leagtar amach san fhoilseachán seo an beartas agus an straitéis
reatha do litríocht i nGaeilge de réir mar a ailíníonn sé leis na
príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a
Tháirgeadh. In éineacht lena plean forfheidhmithe
tugann Ag Tacú leis an Scríbhneoireacht i nGaeilge achoimre ar an gcaoi a
n-oibreoidh an Chomhairle Ealaíon chun infheictheacht litríocht na Gaeilge a
mhéadú, agus a háit a dhearbhú mar chuid lárnach dár saol liteartha agus
cultúrtha - sna trí bliana amach romhainn.
Baineann an Chomhairle Ealaíon spreagadh as an bhféidearthacht de thír
ina léitear litríocht Ghaeilge, ina mbaintear taitneamh aisti agus ina ndéantar
ceiliúradh uirthi, ina dtacaítear le scríbhneoirí ag gach staid dá ngairm chun
obair liteartha uaillmhianach agus ar ardchaighdeán a chruthú, agus ina bhfuil
Litríocht na Gaeilge mar chuid lárnach dár saol litríochta agus cultúrtha –
agus go nglactar go forleathan leis gur amhlaidh atá.
Tá earnáil na litríochta Gaeilge bríomhar agus tá
tábhacht cultúrtha léi; tá scríbhneoirí, foilsitheoirí, irisí gníomhacha aici
mar aon le féilte agus imeachtaí ar fud na tíre. Is é an ról atá ag an
gComhairle Ealaíon sa litríocht Ghaeilge tacú leis an bhfoirm ealaíne, agus tá
páirt lárnach aici i soláthar a dhéanamh don earnáil in Éirinn cheana féin. De
réir mar atá le litríocht i mBéarla, is cuid de shainchúram na Comhairle
Ealaíon sa litríocht iad filíocht, ficsean, gearrscéalaíocht, litríocht do
leanaí, scríbhneoireacht chriticiúil agus cineálacha áirithe neamhfhicsin
chruthaithigh. Cruthaíonn raon tacaíochtaí na Comhairle Ealaíon deiseanna le
haghaidh scríbhneoirí agus daoine ar fud an oileáin araon cruthú agus dul i
ngleic le scríbhneoireacht nua i nGaeilge. Dírítear tacaíocht na Comhairle
Ealaíon ar scríbhneoirí aonair, ar fhoilsitheoirí, ar irisí, ar fhéilte agus ar
imeachtaí, agus tacaíonn an Chomhairle le raon eagraíochtaí acmhainní liteartha
a chuireann seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do scríbhneoirí a oibríonn i
nGaeilge agus i mBéarla araon.
Toisc go bhfuil roinnt gníomhaireachtaí agus
eagraíochtaí éagsúla ag plé le cur chun cinn na teanga, is é ról sonrach na
Comhairle Ealaíon ná tacú le cruthú sárlitríochta i nGaeilge agus cur ar chumas
níos mó daoine dul i ngleic le scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge.
Is féidir leat Ag Tacú le Scríbhneoireacht
i nGaeilge a léamh anseo, agus is féidir an plean forfheidhmithe a fháil
anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht