Le linn a théarma mar
Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, thug Sebastian Barry air féin ‘aois
órga na léitheoirí agus na scríbhneoirí’ a cheiliúradh ar fud na hÉireann,
agus, go háirithe, dul i gcion ar phobail léitheoirí a mbeadh rochtain níos
teoranta acu ar an litríocht agus ar imeachtaí litríochta. Le beagnach trí
bliana anuas, reáchtáladh imeachtaí club leabhar, faoi threoir Sebastian Barry,
do dhaoine i suíomhanna cúraim sláinte agus in otharlanna, do dhaoine atá ag
teacht chucu féin arís i ndiaidh dóibh a bheith gan dídean agus do dhaoine atá
ag maireachtáil faoi sholáthar díreach.
Ó bhí mí Dheireadh Fómhair
ann, tá deich gcinn de chlubanna leabhar a théann i gcion ar níos mó ná 100
léitheoir i bpríosúin ar fud na hÉireann tar éis úrscéal Sebastian Barry, The
Secret Scripture a léamh. Reáchtáladh na clubanna leabhar in ionaid
oideachais ag Cnoc an Arbhair, an Caisleán Riabhach, Ionad Dóchais, Luimneach,
Lár Tíre, Muinseo, Aonad Míochaine Mhuinseo, Port Laoise, Mainistir Shelton
agus Páirc na Cruithneachta. An tseachtain seo,
déanfar imeacht digiteach club leabhar a reáchtáil do na léitheoirí sin leis an
Laureate, á mhodhnú ag Janet Fulop – Múinteoir Béarla i bPríosún Luimnigh.
Beidh deis ag Sebastian Barry tuairimí na léitheoirí a chloisteáil agus
ceisteanna a tháinig aníos le linn a gcuid comhphlé a fhreagairt.
Ag
labhairt dó faoina chlár club leabhar, arsa Sebastian Barry: “Ba phribhléid agus ba chúis áthais dom na ceisteanna
agus na tuairimí iontacha a fháil ó bhaill bhreátha seo an chlub leabhar. Ghlac
siad leis an dúshlán go fonnmhar. Neartófar go mór spiorad Roseanne, an
príomhcharachtar in The Secret Scripture, lena gcuid léargas, a ndáimh agus a
gcomhbhá.”
Arsa an tOifigeach Ealaíon i
Seirbhís na bPríosún, Tom Shortt: “Mhúscail an
tionscadal seo fíorspéis i léitheoireacht na litríochta Éireannaí
comhaimseartha mar chuid d’eispéireas an oideachais athdheise. Feictear do
phríosúnaigh gurb ionann an fhiosracht chun léamh ar aghaidh, lena fháil amach
cad a tharlaíonn agus an chomrádaíocht a thagann chun cinn sna pléghrúpaí club
leabhar mar aon leis na deiseanna a fhaigheann siad iad féin a chur in iúl,
agus leigheas ar scoiteacht agus ar leadrán na príosúnachta le linn na
dianghlasála. Tá beartaithe leanúint den chleachtas
seo, an club leabhar a choinneáil le chéile agus leanúint de bheith ag teacht i
dtír ar an bhfuinneamh a thagann le grúpa mór léitheoirí, múinteoirí, agus,
leoga, scríbhneoirí agus iad ag obair as lámh a chéile, ar an leathanach
céanna, ar fud sheirbhís na bpríosún.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sarah
Bannan, Ceann na Litríochta ag an gComhairle Ealaíon:
“Ó ghlac sé leis an bpost mar Laureate i
gcomhair Ficsean Éireannach in 2018, chuir Sebastian Barry roimhe teagmháil
dhíreach a dhéanamh le léitheoirí. Thug daoine as gach cúlra faoina chuid
leabhar le comhbhá agus le samhlaíocht, agus is ábhar misnigh é an díograis seo
i leith fhicsean comhaimseartha na hÉireann a fheiceáil ó cheann ceann na tíre.
Creideann an Chomhairle Ealaíon go láidir go bhfuil an ceart ag gach duine a
chónaíonn in Éirinn na healaíona a chruthú, dul i
ngleic leo, taitneamh a bhaint astu agus bheith páirteach iontu; táimid thar a
bheith mórtasach a bheith ag comhoibriú le Seirbhís Príosún na hÉireann ar an
tsraith seo.”
Comhthéacs
Is ábhar lúcháire é do
Sebastian Barry bealach a aimsiú chun leanúint den chlub leabhar i bpríosúin in
ainneoin na ndúshlán uile a thagann leis. Beartaíodh an chéad lá go dtabharfadh
sé cuairt ar na ceithre phríosún le haghaidh imeacht an chlub leabhar. Tar éis bliain dheacair do dhaoine atá faoi
choimeád, athosclaíodh ionaid oideachais i mí Mheán Fómhair, rud a d’fhág go
bhféadfaí an club leabhar a thosú i ndeich suíomh, le cabhair ó na baill foirne
teagaisc tiomnaithe. Chinntigh an fhormáid dhigiteach, cé nach bhfuil sí
idéalach, gur féidir an t-imeacht Laureate a sholáthar i ngach suíomh ar
bhealach sábháilte.
←Fill ar ais go dtí an nuacht