Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2022
Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha
chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt
do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach
oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí
a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Bunaíodh scéim Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon chun timpeallacht spreagthach
a chur ar fáil don scríbhneoir cónaithe, agus chun roinnt tacaíocht airgeadais a
sholáthar le díriú ar chleachtas an scríbhneora féin. Anuas air sin, cuireann an
chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do na mic
léinn teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir atá i mbun na ceirde ar feadh dlúth-thréimhse.
Tá an tréimhse iarratais ar oscailt anois do na poist mar Scríbhneoir Cónaithe sna hollscoileanna seo a leanas:
Ní mór do scríbhneoirí iarratas a dhéanamh go díreach leis an Ollscoil ábhartha. Is é an spriocdháta le haghaidh na bpost go léir 5.30 pm, Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair 2021.
←Fill ar ais go dtí an nuacht