Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Bunaíodh scéim Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon chun timpeallacht spreagthach a chur ar fáil don scríbhneoir cónaithe, agus chun roinnt tacaíocht airgeadais a sholáthar le díriú ar chleachtas an scríbhneora féin. Anuas air sin, cuireann an chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do na mic léinn teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir atá i mbun na ceirde ar feadh dlúth-thréimhse.
Tá an tréimhse iarratais ar oscailt anois do na poist mar Scríbhneoir Cónaithe sna hollscoileanna seo a leanas:
Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha CliathNí mór do scríbhneoirí iarratas a dhéanamh go díreach leis an Ollscoil ábhartha. Is é an spriocdháta le haghaidh na bpost go léir 5.30 pm, Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair.
←Fill ar ais go dtí an nuacht