Is mian le na
Chomhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear tar éis an scríbhneoir, Ciara Ní É,
a cheapadh mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain 2020. Post é seo atá á
chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag DCU.
Is í Ciara Ní É a
bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol,
scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i
Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn.
Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus agus Comhar ina measc. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici
faoi láthair. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017, agus an
bhliain dár gcionn, d’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí
na hÉireann, atá ar fáil ar YouTube. Fuair an físeán an dáin ‘Phenomenal Woman’
faoin LGFA (Ladies Gaelic Football Association) breis is 300,000 radharc, agus
tharraing sé aird fhairsing ar a saothar. I measc a cuid coimisiún áirítear RTÉ
TV, BBC Radio, TG4, agus The Irish Writers Centre.
←Fill ar ais go dtí an nuacht