Déanfaidh Eoin Colfer, Laureate na nÓg,
Once Upon A Place, ar camchuairt náisiúnta scéalaíochta é, a sheoladh Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair ar Rinn Duáin, Contae Loch Garman. Údar móréilimh is ea Eoin, a scríobh úrscéalta ar nós na sraithe Artemis Fowl agus
Benny and Omar. Tógadh é i ngar do Rinn Duáin agus bhí cuid mhór dá scéalta faoi spreagadh an cheantair. 'Tá áthas orm an tionscnamh nua seo a thosú ar m'fhód féin,' a dúirt Eoin. 'Is é an tosaíocht atá agam mar Laureate na nÓg scéalta a thabhairt do pháistí ó gach cearn d'Éirinn, go háirithe iad siúd a chónaíonn i gceantair iargúlta agus nach mbíonn deis acu de ghnáth cuairteanna a fháil ó scríbhneoirí. Agus is dóigh liom gurb í an áit draíochta Rinn Duáin an áit is fearr chun tús a chur leis sin.'
Sa chéad imeacht, déanfaidh Eoin Colfer, Gráinne Clear agus P.J. Lynch, scríbhneoir is maisitheoir, scéalta a insint do pháistí scoile ó thrí bhunscoil i gContae Loch Garman i séadchomharthaí cáiliúla an cheantair, is iad sin, Teach Solais Rinn Duáin agus an Halla, ar a raibh Fowl Manor sna leabhair Artemis Fowl bunaithe. I measc na scoileanna a ghlacfaidh páirt san imeacht, beidh Scoil Chainnigh, Ros Mhic Thriúin; Scoil Náisiúnta na mBoth Fuar agus Scoil Náisiúnta Pholl Fothair. Tá an chamchuairt á heagrú i gcomhar le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Loch Garman agus le Leabharlanna Contae Loch Garman.
Gabhann trí shnáithe leis an gclár Once Upon A Place: tugann an chéad snáithe scéalta do pháistí ó gach cearn d'Éirinn, agus é ag tabhairt cuairt ar áiteanna nach mbíonn ar bharr an liosta de ghnáth e.g. scoileanna nach bhfuil páirteach i scéim na scríbhneoirí sna scoileanna, pobail iargúlta nach raibh scéalaí ar cuairt iontu riamh, nó grúpaí óige/léitheoireachta nach bhfuil dóthain cistithe acu chun ealaíontóirí ar cuairt a mhealladh. Is mar chuid den dara snáithe a dhíríonn Eoin ar áiteanna den scoth: is iad sin, suíomhanna iontacha chun imeachtaí an-speisialta - imeachtaí a mbeidh cuimhne go deo orthu - a eagrú iontu chun samhlaíocht páistí a spreagadh agus chun an draíocht a bhaineann leis an scéalaíocht agus le leabhair a chur i láthair daoine óga. Sa tríú snáithe, tá Eoin i mbun eagarthóireachta ar dhíolaim gearrscéalta bunúla do pháistí a scríobh scríbhneoirí cáiliúla Éireannacha agus Éireannaigh eile a bhfuil cáil orthu i saol na litríochta, an cheoil, an ghrinn, na teilifíse agus an spóirt.
Beidh Once Upon A Place ar siúl thar an gcéad 18 mí eile, le linn na tréimhse atá fágtha de théarma Eoin mar Laureate na nÓg. Tá Laureate na nÓg ina thionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon a bhfuil tacaíocht aige ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ó Leabhair Pháistí Éireann, ó Éigse Éireann agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon an onóir chun cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar a thábhachtaí atá litríocht do pháistí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch.
Agus í ag labhairt faoin gcamchuairt, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: 'Tá an Chomhairle Ealaíon thar a bheith sásta le fairsinge, le raon agus le caighdeán na camchuairte seo, rud a chuirfidh páistí agus daoine óga ó cheann ceann na tíre i dteagmháil le sraith imeachtaí a bheidh cruthaitheach agus spreagúil. Tá lorg Eoin Colfer ar an ról mar Laureate na nÓg le feiceáil cheana féin agus níl aon amhras go mbeidh fíorthionchar buan ag a chuid oibre ar pháistí agus ar dhaoine fásta araon. Táimid thar a bheith bródúil as an tionscnamh seo.'
Dúirt Damian Smyth, Ceann Litríochta, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann: 'Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé an chéad bhlaiseadh den litríocht a thabhairt do pháistí agus fíorspéis sa léitheoireacht a spreagadh ag aois luath. Ní hé amháin go dtabharfaidh an chamchuairt 'Once Upon a Place' spreagadh do scoileanna agus do pháistí ar fud oileán na hÉireann, ach cuirfidh sí ríméad orthu freisin. Tá an-mhuinín agam as a rá go gcuimhneoidh na daoine óga sin go deo ar an deis a bhí acu éisteacht le hEoin Colfer, fear carasmatach draíochtach agus Laureate na nÓg.'
'Tugann an clár 'Once Upon A Place' seo réamhamharc ar 'Stories from the Hearth Storytelling Season', a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i Loch Garman agus atá 16 bliana d'aois i mbliana,' a dúirt Fionnuala Hanrahan, Leabharlannaí Contae. 'Tá an scéalaíocht agus an nasc idir an focal scríofa agus an focal labhartha ag croílár na cumarsáide, na litearthachta agus na cruthaitheachta. Tá lúcháir orainn tús a chur le camchuairt ina bhfuil meascán de bhunscileanna saoil agus de na féidearthachtaí gan teorainn is féidir leis an tsamhlaíocht a chruthú.'
Cuirfear sé imeacht déag ar leith ar siúl i sé chontae dhéag, agus grúpaí agus ionaid tionóil ó gach cearn d'oileán na hÉireann páirteach iontu. Chomh maith le cuairt a thabhairt ar scoileanna agus ar ghrúpaí eile ar an gClár, i gCill Chainnigh, i Laois, i Liatroim, i bPort Láirge agus ar an Iarmhí, cuirfidh Eoin agus foireann scéalaithe den scoth an chamchuairt scéalaíochta i láthair sna háiteanna seo a leanas:
An mórtheach gotach atá i nGarrán Duckett, Ceatharlach, in éineacht le Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc le linn Sheachtain na Gaeilge 2015
Traein gaile a thaistealóidh ó thuaidh ar chósta Bhaile Átha Cliath Thuaidh, i gcomhpháirt le Leabharlanna Contae Fhine Gall agus le tacaíocht ó Iarnród Éireann
Carraig an Aifrinn i gCaisleán na Mainge, Ciarraí, agus ar fhánaí Chnoc na Sí, Co. Shligigh
Dánlann
Glucksman i gCorcaigh
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le Elaina Ryan, Stiúrthóir, Leabhair Pháistí Éireann, ag 01 872 7475
nó ag
elaina@childrensbooksireland.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht