Tá
comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le hollscoileanna Éireannacha
chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a
thabhairt do mhic léinn ollscoile oibriú le scríbhneoirí a bhfuil meas orthu
agus foghlaim uathu, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a
fhorbairt fad is atá siad go réasúnta maith as ó thaobh airgid de.
Tá ríméad ar an
gComhairle Ealaíon na Ceapacháin seo a leanas mar Scríbhneoir
Cónaithe/Comhaltacht a fhógairt le haghaidh 2022.
Ceapadh Sadhbh Devlin mar
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge
bunaithe in Fiontar & Scoil na Gaeilge Campas na Naomh Uile, DCU Droim
Conrach.
Scríobhann
Sadhbh Devlin litríocht i nGaeilge le haghaidh leanaí agus déagóirí go príomha
ach scríobhann sí ficsean i nGaeilge le haghaidh léitheoirí fásta chomh maith.
Tá trí leabhar pictiúr Gaeilge foilsithe aici le Futa Fata. D’oibrigh Sadhbh in
earnáil na teilifíse chomh maith, agus í ag cabhrú le forbairt clár le haghaidh
TG4. Tá taithí fhairsing aici mar láithreoir, mar thaighdeoir, mar stiúrthóir
ealaíne agus mar chúntóir léirithe. Is ball gníomhach i Children’s Literature
Ireland, sa chlár Writers in Schools agus i gCumann na Scríbhneoirí Gaeilge í
Sadhbh.
Ceapadh Dave
Rudden mar Scríbhneoir Cónaithe i Scoil an Bhéarla, Ollscoil Chathair
Bhaile Átha Cliath.
Is
údar, aisteoir agus múinteoir scríbhneoireachta cruthaithí é Dave Rudden a
chéimnigh ó Choláiste Phádraig. Ghlaoigh an Guardian ‘céadligean draíochtúil’
ar a chéad úrscéal, KNIGHTS OF THE BURROWED DARK, agus dúirt R.L. Stine ‘go
gcuirfeadh sé Douglas Adams i gcuimhne duit’. Bhuaigh KNIGHTS an Gradam
Leabhair Éireannaigh don Úrscéal is fearr do Pháistí 2016 agus roghnaíodh é in
2017 mar Citywide Read UNESCO Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar théacs le haghaidh
na chéad bhliana ar shonraíocht an Teastais Shóisearaigh anois.
Thug
Dave cainteanna agus bhí ról aige in imeachtaí údair sna céadta scoil,
ollscoil, leabharlann agus féile in Éirinn agus thar lear. Tá sé mar
Chomhaltacht Chruthaitheach de chuid UCD faoi láthair agus comhoibríonn sé le
Home School Hub RTÉ go rialta chun nodanna scríbhneoireachta agus spreagadh a
thabhairt don lucht féachana/éisteachta náisiúnta. Lean é ar Twitter ag
@d_ruddenwrites.
Is í Louise
O’Neill a bheidh ina Scríbhneoir Cónaithe in Ollscoil Mhá Nuad. Beidh
Louise lonnaithe i gcláir na Scríbhneoireachta Cruthaithí i Roinn an Bhéarla in
Ollscoil Mhá Nuad.
Tógadh
Louise O’Neill i gCloch na Coillte, Éire. Eisíodh a céad úrscéal, ONLY
EVER YOURS, in 2014. Bhuaigh ONLY EVER YOURS gradam Scríbhneoir Nua na Bliana
an Sunday Independent ag Gradaim Leabhar na hÉireann Bord Gáis Energy 2014;
Gradam Eilís Dillon de chuid Leabhair Pháistí Éireann don Chéad leabhar le
haghaidh Páistí; agus an chéad Bookseller’s YA Book Prize 2015.
Foilsíodh an
dara húrscéal de chuid Louise, ASKING FOR IT, i Meán Fómhair 2015 agus
ardmholadh forleathan á fhail aige sin ó lucht critice. Bhuaigh sí gradam
Leabhar na Bliana do Pháistí Sinsearacha Specsaver’s ag Gradaim Leabhar na
hÉireann 2015 agus bronnadh gradam Michael L. Printz de chuid an American
Library Association uirthi chomh maith. Vótáladh ASKING FOR IT mar Leabhar na
Bliana ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2015 agus chaith sé 52 seachtain i ndiaidh
a chéile ar bharr liosta an 10 leabhar is mó díol in Éirinn. Dúirt The New York
Times go raibh sé “mealltach agus riachtanach” agus d’ainmnigh The Guardian
O’Neill ar “an scríbhneoir is fearr ficsin do dhaoine fásta óga ar an saol faoi
láthair.”
Glacadh an dá
úrscéal mar roghanna le scannáin a dhéanamh astu.
Foilsíodh
ALMOST LOVE, an chéad úrscéal le haghaidh daoine fásta a scríobh O’Neill i
Márta na bliana 2018 agus tháinig THE SURFACE BREAKS, athinsint fheimineach de
The Little Mermaid, go gairid ina dhiaidh agus é sin foilsithe i Márta na
bliana 2018.
Foilsíodh AFTER
THE SILENCE, an dara húrscéal do dhaoine fásta dá cuid i Meán Fómhair na bliana
2020 agus bhí sé ar cheann de na leabhair ba mhó díol in Éirinn gan mhoill.
Bhuaigh sé gradam Úrscéal Coiriúlachta na Bliana ag Gradaim Leabhar na hÉireann
agus cheannaigh Tiger Aspect Productions na cearta teilifíse agus
scannánaíochta.
Eiseofar IDOL,
an t-úrscéal is déanaí dá cuid i mBealtaine na bliana 2022.
Bíonn ionchur
rialta aici ar Theilifís agus ar Raidió na hÉireann agus tá colún seachtainiúil
aici san Irish Examiner.
Is í Gavin
Corbett a bheidh ina Scríbhneoir Cónaithein OÉ, Gaillimh.
Údar a rugadh i
nGaillimh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath é Gavin Corbett agus tá trí
úrscéal scríofa aige: INNOCENCE (2003), THIS IS THE WAY (2013) agus GREEN
GLOWING SKULL (2015). Ainmníodh a dhara húrscéal, THIS IS THE WAY, mar Úrscéal
Éireannach na Bliana Kerry Group 2013 agus cuireadh ar ghearrliostaí é le
haghaidh duaiseanna eile. Tá a chéad úrscéal do pháistí agus leabhar
gearrscéalta críochnaithe aige le déanaí. Bhí sé mar scríbhneoir cónaithe de
chuid na Comhairle Ealaíon i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (2016)
agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2018).
Ceapadh Hilary Fannin mar Chomhalta
Scríbhneoireachta i gColáiste na Tríonóide.
Úrscéalaí, údar cuimhní cinn, drámadóir agus colúnaí
nuachtáin í Hilary Fannin a bhfuil gradaim buaite aici. Bhuaigh úrscéal
dá cuid, THE WEIGHT OF LOVE (Doubleday, 2020), gradam John McGahren don chéad
leabhar ficsin Éireannaigh is fearr. Cuireadh ar an ngearrliosta í mar
Scríbhneoir Nua na Bliana ag Gradaim Leabhar na hÉireann Bord Gáis Energy de
bharr a chuimhne cinn, HOPSCOTCH (Doubleday, 2015). Mar dhrámadóir, léiríodh a
cuid oibre in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Bhí sí mar
scríbhneoir comhlach ag Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2004, bliain ina
comóradh céad bliain ag an amharclann. Craoladh a drámaí raidió ar RTÉ agus ar
BBC. Tá sí ag scríobh go rialta le haghaidh The Irish Times ó 2004 agus
ainmníodh í mar Cholúnaí Mórbhileoige na Bliana ag Gradaim Iriseoireachta
Newsbrands 2019. Is i mBaile Átha Cliath a chónaíonn agus a oibríonn sí faoi
láthair.
Ceapadh Sue Rainsford ina Scríbhneoir
Cónaithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Scríbhneoir
ficsin agus ealaíon Éireannach í Sue Rainsford a bhfuil cónaí uirthi i
mBaile Átha Cliath. Céimní de chuid Choláiste na Tríonóide, IADT agus Coláiste
Bennington í. Fuair sí Gradam Scríbhneoireachta Ealaíne VAI/DCC, Dámhachtain
Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon, agus Comhaltacht MacDowell. Bhronn
institiúidí ar nós Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus OÉ Má Nuad cónaitheachtaí
uirthi, agus i measc na gcoimisiún atá faighte aici le déanaí tá cinn ó RTÉ
Radio 1 agus BBC Radio 4. In Éirinn bronnadh Gradam Kate O’Brien ar a céad
úrscéal, Follow Me To Ground, cuireadh é ar ghearrliosta le haghaidh Gradam
Republic of Consciousness agus Duais Desmond Elliott sa Ríocht Aontaithe, agus
tugadh léirmheasanna iontacha dó ó Kirkus agus Publishers Weekly arna eisiúint
dó i SAM. Bhí a gearrscéal “Shorn” mar iomaitheoir sa bhabhta ceannais le
haghaidh Gradaim New York Radio Festival 2021, agus d’fhoilsigh Doubleday a
dara húrscéal, Redder Days, i Márta na bliana 2021.
Is í Cathy Sweeney a bheidh ina Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste
na hOllscoile Corcaigh.
Foilsíodh gearrscéalta ficsin de chuid Cathy
Sweeney in The Stinging Fly, The Dublin Review, Egress, Winter Papers,
Banshee, The Tangerine, Granta agus craoladh iad ar BBC Radio 4.
D’fhoilsigh The Stinging Fly Press agus W&N a céad chnuasach gearrscéalta,
MODERN TIMES, i 2020. Tá a húrscéal BREAKDOWN i gcomhar le W&N le teacht in
Eanáir 2023.
←Fill ar ais go dtí an nuacht