Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le hollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile oibriú le scríbhneoirí a bhfuil meas orthu agus foghlaim uathu, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá siad go réasúnta maith as ó thaobh airgid de.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon na Ceapacháin seo a leanas mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a fhógairt le haghaidh 2024.
Ceapadh Muireann Ní Chíobháin mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge bunaithe in Fiontar & Scoil na Gaeilge Campas na Naomh Uile, DCU Droim Conrach.
Is as Cathair Chorcaí í Muireann ó dhúchas ach tá ceangal láidir aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Chaith sí an chuid is mó dá slí bheatha ghairmiúil i mbun scríbhneoireacht scáileáin agus bíonn sí ag scríobh scéalta ficsin do pháistí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá cúig leabhar Gaeilge do pháistí scríofa aici, leabhair a d’fhoilsigh Futa Fata: Scúnc agus Smúirín, trí leabhar sa tsraith Eoinín, agus Gealach agus Grian, a foilsíodh i mí na Samhna 2023.
I measc a foilseachán Béarla tá Know-it ALLmanac GIY (GIY Ireland, 2019) teideal insinte neamhfhicsin oideachais faoi bhia dírithe ar an teaghlach ar fad, agus Murphy’s Law (O’Brien Press) faoi mhadra ar a bhfuil an t‑ádh ach atá mí-ámharach ag an am céanna. D’fhorbair agus scríobh sí go leor cláir theilifíse don dream óg, clár ar féidir breathnú orthu ar TG4, RTÉjr, Amazon Prime agus ar Apple TV agus ba eagarthóir coimisiúnaithe agus léiritheoir feidhmiúcháin í i mbeochan agus drámaíocht do pháistí le haghaidh sheoladh an chainéil teilifíse do pháistí darb ainm Cúla 4.
Ceapadh Aingeala Flannery mar
Scríbhneoir Cónaithe i Scoil an Bhéarla, Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath.
Is scríbhneoir, iriseoir,
agus craoltóir í Aingeala Flannery. Bhuaigh a gearrscéal Visiting Hours Duais
Ghearrscéalta Harper’s Bazaar in 2019. Tá Aonach Úrscéalta Áras na Scríbhneoirí
buaite aici agus ba iomaitheoir í sa bhabhta ceannais i gComórtas Gearrscéalta
RTÉ faoi dhó. D’fhoilsigh an t‑irisleabhar IMAGE agus Paper Visual Art (PVA)
roinnt dá cuid aistí pearsanta, agus craoladh iad ar an gclár Sunday Miscellany
le RTÉ. Bhronn Comhairle Ealaíon na hÉireann Sparánacht Litríochta ar Aingeala
in 2020 agus in 2021. D’fhoilsigh Penguin Sandycove a céad phíosa
scríbhneoireachta in 2022 píosa a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí.
Bhuaigh an píosa scríbhneoireachta céanna Úrscéal Éireannach na Bliana Kerry
Group ag Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail 2023 agus bhuaigh sé Duais John
McGahern i gcomhar le hOllscoil Learphoill. Is leas-fhoilsitheoir de chuid The
Dublin Review í Aingeala agus is í léiritheoir/láithreoir an Phodchraolta The
Dublin Review. Tá MA aici san Iriseoireacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath agus MFA aici i Scríbhneoireacht Chruthaitheach ón gColáiste Ollscoile,
Baile Áth Cliath.
Is í Michèle Forbes a bheidh ina
Scríbhneoir Cónaithein OÉ, Má Nuad. Beidh Michèle lonnaithe i gcláir na
Scríbhneoireachta Cruthaithí i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Mhá Nuad.
Is úrscéalaí, scríbhneoir gearrscéalta, drámadóir agus aisteoir í
Michèle Forbes. Foilsíodh a céad úrscéal
Ghost Moth go hidirnáisiúnta agus fuair sé moladh ó léirmheastóirí i bhfad agus
i gcéin agus cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh Nuíosach na Bliana ag
The Irish Book Awards, do na Gradaim; First European Novel Award, Prix
Littéraire Francophonie Award, French Booksellers Novel Discovery Award agus
don ghradam First Book Award ag an bhFéile Leabhar Idirnáisiúnta i nDún
Éideann. Roghnaíodh a dara húrscéal
Edith & Oliver mar Leabhar na Bliana in The Sunday Times. Bronnadh na Gradaim Bryan MacMahon agus
Michael McLaverty ar a cuid gearrscéalta. Chomhscríobh sí an dráma in éineacht
le Noelle Brown, agus léiríodh an dráma in Amharclann na Mainistreach, agus bhí
sí ar an bpainéal eagarthóireachta agus taighde ar Home: Cuid a hAon, an
freagra a thug amharclann náisiúnta na hÉireann ar na hInstitiúidí Máithreacha
agus Leanaí. Bhí sí ar stáitse in amharclanna go hidirnáisiúnta. I measc a
hoibre scannánaíochta tá; Omagh inar bhuaigh sí Aisteoir Mná Is FearrMonte
Carlo agus ainmníodh í do IFTA. Beidh príomhpháirt aici sa tSraith Sky TV darb
ainm Town Big Story, san fhómhar in 2024, agus tá sí ag scríobh úrscéal nua
faoi láthair.
Is
éJohn Patrick McHugh a bheidh ina Scríbhneoir Cónaithe in Ollscoil na Gaillimhe.
Is as Gaillimh do John
Patrick McHugh. Bhí a shaothar le feiceáil in The Stinging Fly, Winter Papers,
Banshee, The Tangerine agus Granta agus craoladh a shaothar freisin ar BBC
Radio 3. Is é an t‑eagarthóir ficsin don iris Banshee. D’fhoilsigh 4th Estate a
chéad bhailiúchán de ghearrscéalta, Pure Gold.
Ceapadh
Catherine Prasifka mar Chomhalta Scríbhneoireachta i gColáiste na
Tríonóide.
Is úrscéalaí í Catherine Prasifka de bhunadh Bhaile Átha Cliath. Is é This Is
Serious (Canongate, 2022) an chéad úrscéal a scríobh sí agus ba leabhar
sárdhíola ar fud na tíre é. Cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh Nuíosach
na Bliana Ghradaim Leabhar Éireannach An Post in 2022. Tá BA aici i Litríocht
an Bhéarla ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (2018), tá MLitt i
Litríocht Fantaisíochta ó Ollscoil Ghlaschú (2019), agus tá MA aici i mBéaloideas
agus Eitneolaíocht na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(2023). Is é This Is How You Remember an dara húrscéal a scríobh sí agus
foilseoidh Canongate é i mí Bealtaine 2024.
Ceapadh Ian Maleney mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is scríbhneoir, eagarthóir, agus léiritheoir clár faisnéise é Ian Maleney de
bhunadh Chontae Uíbh Fhailí. Is bailiúchán aistí é a chéad leabhar dar teideal
Minor Monuments, agus d’fhoilsigh Tramp Press an leabhar céanna in 2019.
Cuireadh ar an ngearrliosta é do Dhuais Michel Deon agus do Dhuais Litríochta
an Bhuitléaraigh. Foilsíodh a chuid scríbhneoireachta i bhfad agus i gcéin, ina
measc sin tá; The Guardian, Esquire, agus The New Statesman. Ba é an
scríbhneoir cónaithe do Temple Bar Gallery & Studios (Dánlann agus
Stiúideonna Bharra an Teampaill) in 2020, agus fuair sé Duais-sparántacht na
Chéad Ghlúine Eile in 2019. Ba é a bhunaigh Fallow Media, iris
idirdhisciplíneach ar líne faoi litríocht agus faoi mheáin eile, agus léirigh
sé roinnt podchraoltaí rathúla, lena n‑áirítear The Witness: In His Own Words,
a bhuaigh ‘Podchraoladh na Bliana’ ag Gradaim na bPodchraoltaí Éireannacha agus
roghnaigh Apple Podcasts agus The Guardian é mar cheann de na podchraoltaí is
fearr in 2021.
Is
é Colin Barrett a bheidh ina Scríbhneoir CónaitheigColáiste na hOllscoile Corcaigh.
Is é Colin Barrett údar an
bhailiúcháin scéalta Young Skins agus Homesickness. Bronnadh na Gradaim seo a
leanas air: Gradam an Chéad Leabhair de chuid The Guardian 2014, Gradam an
Ghearrscéil Idirnáisiúnta Frank O’Connor 2014, agus Duais Rooney 2014 agus ba
Dhuine Oinigh é don Ghradam Leabhar Náisiúnta 5 under 35 sna Stáit Aontaithe
Mheiriceá. Fógraíodh é mar Protégé Litríochta Rolex, agus Colm Tóibín mar
mheantóir aige ó 2018 go 2020. I measc cuid de na háiteanna a raibh a chuid
scéalta le feiceáil ann tá Stinging Fly Magazine, Granta, Harpers agus The New
Yorker. Foilseofar a chéad úrscéal dar teideal Wild Houses in 2024.
←Fill ar ais go dtí an nuacht