Clinicí Sparánachta don Rannpháirtíocht sna hEalaíona 2017 ag VISUAL, Ceatharlach agus i nDánlann Chathair Luimnigh
Tionólfaidh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Create, dhá chlinic faisnéise a bheidh ar siúl roimh an spriocdháta do Dhámhachtainí Sparánachta don Rannpháirtíocht sna hEalaíona, Déardaoin, an 13 Iúil ag 5.30pm.
Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain Sparánachta don Rannpháirtíocht sna hEalaíona tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas rannpháirtíochta sna healaíona / ealaíon comhoibríoch a fhorbairt. Tá an Dámhachtain oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon fhoirm ealaíne, a bhfuil a gcleachtas dírithe ar chomhoibriú ealaíonta le daoine aonair nó le grúpaí (gairmithe neamhealaíne) in aon cheann de na comhthéacsanna seo a leanas: sláinte, míchumas, éagsúlacht chultúrtha, daoine breacaosta agus pobail áite nó chomhspéise. Díríonn an sparánacht ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóirí as tréimhse fhadaithe i mbun cleachtaidh agus tá sé mar aidhm aici am agus acmhainní a thabhairt do na healaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic lena gcleachtas. D’fhéadfá cur isteach ar dhámhachtain suas le €10,000.
Beidh faisnéis ar fáil sna clinicí maidir le
- Treoirlínte maidir leis an Dámhachtain Sparánachta don Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Cuspóir agus tosaíochtaí na dámhachtana
- An próiseas iarratais
- Buiséadú
- Ábhar tacaíochta
- An próiseas measúnaithe agus an próiseas cinnteoireachta
- Comhairle ghinearálta agus botúin choitianta
- Beidh faighteoirí na Dámhachtana Sparánachta roimhe seo i láthair agus comhroinnfidh siad a dtaithí ar phróiseas na sparánachta agus ar an tionchar a bhí ar a saothar mar thoradh ar an sparánacht a fháil.
- Deis le haghaidh ceisteanna agus freagraí agus plé
Beidh na himeachtaí ar siúl ar:
- 12 Bealtaine, Visual, Ceatharlach, 11am - 1pm. Clárú ó 10.30am. Tosóidh an t-imeacht go pras ar 11am. Cuirfear sólaistí beaga ar fáil i ndiaidh na ceardlainne.
- 7 Meitheamh, Dánlann Chathair Luimnigh, 2pm - 4pm. Clárú agus sólaistí beaga ar fáil ó 1.30pm. Tosóidh an t-imeacht go pras ar 2pm.
Tá saorchead isteach, ach ní mór áiteanna a chur in áirithe. Seol ríomhphost chuig Enagh Farrell, Cúntóir don Rannpháirtíocht sna hEalaíona ag an gComhairle Ealaíon, más mian leat freastal: enagh.farrell@artscouncil.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht