Tá lúcháir ar Arts & Disability Ireland faighteoirí Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais, 2019 a fhógairt. Bronnadh €30,500 san iomlán ar 14 ealaíontóir.
Díríonn Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tugann sí deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid tionóil eile; a gcleachtas a athrú; céim chun tosaigh a thógáil ó thaobh raoin agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus tairbhe a bhaint as meantóireacht agus oiliúint.
Dúirt Pádraig Naughton, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Arts & Disability Ireland “Tabharfaidh na dámhachtainí deis do 14 ealaíontóir faoi mhíchumas in Éirinn a bhfís chruthaitheach a bhaint amach, dul i mbun comhfhiontair chorraitheacha agus scileanna nua a fhoghlaim.”
Reáchtáiltear an scéim ar bhonn bliantúil agus reáchtálfar an chéad bhabhta eile in 2020.
Tá Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bhainistiú ag Arts & Disability Ireland.
Tá tuilleadh eolais ar www.adi.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht