Muckross Harp Trail 2015. Grianghraf: Valerie O'Sullivan
D'fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon an Tuarascáil ar Thraidisiún
na Cruitireachta in Éirinn le Toner Quinn. Sa mhórphíosa taighde seo ar an
gcruit agus ar an gcruitireacht in Éirinn tá pictiúr luachmhar den chleachtas
cruitireachta comhaimseartha lena n-áirítear faisnéis maidir le repertoire,
cumadh, taibhiú, teagasc agus déanamh na cruite.
Aithníonn an Chomhairle
Ealaíon go bhfuil tábhacht ar leith leis an gcruit in Éirinn agus go mbaineann
stair shaibhir neamhghnách léi ar an oileán seo le suas is anuas le míle bliain
nó mar sin. Déanann an pobal cruitireachta in Éirinn tagairt don uirlis i ngach
ceann dá cuid foirmeacha - an tseanchláirseach, an chláirseach snáithe caoláin
agus an chruit cheolchoirme. Tá stádas tábhachtach ag an gcruit sna healaíona
traidisiúnta in Éirinn agus, ag an am céanna, léiríonn sí cleachtas ilsraitheach
lena mbaineann éagsúlacht mhór.
Tá taighde Quinn bunaithe ar shuirbhé
forleathan agus ar agallaimh a rinneadh le cruitirí ar fud na hÉireann. Déantar
mapáil ann ar chleachtas na cruite agus ar acmhainní agus tugtar léirmheas ar
infheistíocht na Comhairle Ealaíon atá ábhartha don chruit. Is doiciméad
tábhachtach é a threoróidh beartas na Comhairle agus é ag forbairt sa todhchaí.
Tá an Tuarascáil ar Thraidisiún na Cruitireachta in Éirinn ar
fáil le híoslódáil (PDF, 5.15 MB) anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht