Fógraíodh Patricia Forde mar an seachtú duine a
ceapadh mar Laureate na nÓg – Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann (Dé Luain
29 Bealtaine) ag imeacht speisialta ag an gComhairle Ealaíon. Beidh an post ag
Ford, an t-údar do leanaí a bhfuil duaiseanna bainte aici ó Ghaillimh, ó anois
a fhad le 2026, í ag glacadh leis an bpost ón Laureate, Áine Ní Ghlinn, atá ag
imeacht as oifig.
Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na
ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg
litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh.
Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus
do léitheoirí óga. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é, arna riar ag
Leabhair Pháistí Éireann agus ag a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon
Thuaisceart Éireann, agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais,
Lánpháirtíochta agus Óige.
Scríobhann Patricia Forde do gach
aoisghrúpa i nGaeilge agus i mBéarla. Foilsíodh a chéad úrscéal do léitheoirí níos sine , The Wordsmith, in
2014 le hardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí. Bhain sé White Raven Award ó
International Youth Library, tá sé ina Notable Book for Children ag an gCumann
Leabharlann Meiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar an ngearrliosta do
Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Leabhair Pháistí Éireann in Éirinn (Gradaim
Leabhair Pháistí Éireann KPMG anois).
In 2019, roghnaíodh a leabhar Bumpfizzle the Best
on Planet Earth mar Citywide Read UNESCO Bhaile Átha Cliath 2019. In 2020
d'fhoilsigh sí leabhar pictiúr i mBéarla agus i nGaeilge faoi Hy-Breraal (To
the Island/An tOileán Thiar) le Little Island Books a coimisiúnaíodh chun
ainmniú Chathair na Gaillimhe mar Chathair Chultúir 2020 a cheiliúradh, agus a
tugadh saor in aisce do leanaí ar fud na Gaillimhe. Le haghaidh Oíche Chultúir
2020 rinneadh físeán gearr den scéal ina raibh léaráidí an leabhair le Nicola Bernardelli
agus bunscór le hAnna Mullarkey.
Dúirt
an tOll. Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
’Is é Laureate na nÓg an onóir is mó
is féidir a bhronnadh ar scríbhneoir nó maisitheoir do leanaí in Éirinn.
Déanann an ról ceiliúradh ar litríocht leanaí agus ar an méid a chuireann sí leis
an saol cultúrtha, agus is é an rud is tábhachtaí ná leabhair agus lúcháir na
léitheoireachta a nascadh le leanaí agus daoine óga. Tá lúcháir orm go bhfuil
scríbhneoir de chaighdeán Patricia Forde ar an seachtú Laureate na hÉireann. Tá
a cuid scríbhneoireachta do leanaí agus do dhaoine óga úrnua agus spreagúil
agus is meallacach a cuid leabhar pictiúr do léitheoirí níos óige. Níl aon
amhras orm ach go spreagfaidh sí glúin nua léitheoirí agus scríbhneoirí ina ról
mar Laureate sna trí bliana amach romhainn.’
Ag labhairt di mar Laureate na nÓg nua, dúirt Patricia
Forde:
“Tá lúcháir agus onóir orm a
bheith ar an seachtú Laureate na nÓg agus táim ag tnúth le leabhair agus
léitheoireacht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na tíre as seo
go ceann trí bliana.
Mo théama, Samhlaigh,
Samhlaigh!Is éard atá i gceist le Making It Up As We Go Along
ná cruthaitheacht agus samhlaíocht a úsáid chun cur lenár
saolta.
Bhí an chruthaitheacht tábhachtach dom ar
feadh mo shaoil, agus braithim go láidir go dteastaíonn an scil saoil seo ó
leanaí anois níos mó ná riamh. Is spreagadh na samhlaíochta iad na leabhair agus
ba cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar scéalta iontacha agus ar an
gcuid is fearr de litríocht do leanaí.”
Dúirt Liam Hannaway, Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon
Thuaisceart Éireann:
“Fáiltítear roimh cheapachán Patricia Forde mar Laureate na nÓg. I rith a
tréimhse sa ról
tábhachtach seo, beidh Patricia mar
ambasadóir do scríbhneoireacht leanaí, ag spreagadh glúin nua léitheoirí agus
scríbhneoirí chun a samhlaíocht a
oscailt chuig scéalta, dánta, coincheapa agus smaointe nua. Is gradam sainiúil tábhachtach é Laureate na nÓg, ceann a neartaíonn deiseanna don
aos óg ar fud oileán na hÉireann le bheith ag gabháil do litríocht
ardchaighdeáin do leanaí."
Is iarmhúinteoir bunscoile í Patricia
agus iar-Stiúrthóir ar Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Chomhbhunaigh sí Féile
Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí i nGaillimh i lár na 1990idí; féile den
chéad scoth, bunaithe ar cheart an linbh chun cultúir. Is éascaitheoir í
Patricia a bhfuil taithí aici ar cheardlanna, cainteanna agus gníomhaíochtaí
léitheoireachta do leanaí agus do dhaoine óga a éascú, agus tá sí mar chuid de
chlár na Scríbhneoirí sna Scoileanna de chuid Éigse Éireann Scríobhann
Patricia don teilifís freisin agus cuireann sí ceardlanna scríbhneoireachta
scáileáin ar fáil do leanaí níos sine. Is iar-Chathaoirleach í ar Leabhair
Pháistí Éireann.
Foilseofar
an leabhar is déanaí le Patricia, The Girl Who Fell to Earth, ag Little
Island Books i mí an Mheithimh 2023.
←Fill ar ais go dtí an nuacht