![Read Mór 2023 Banner Read Mór 2023 Banner](/uploadedImages/wwwartscouncilie/Content/Arts_in_Ireland/Literature/Read Mór Website Banner.png)
Bronnfaidh an Chomhairle Ealaíon leabhar saor in aisce ar othair in ospidéil áirithe ar fud na tíre ar Oíche Chultúir 2023 / Culture Night
Tá an tionscadal bronnta leabhar darb ainm Read Mór ar ais arís don dara bliain agus an uair seo beidh sé de dheis ag na hothair in ospidéil áirithe ar fud na tíre a bheith rannpháirteach in Oíche Chultúir agus chun cuairt ar thabhairt ar na háiteanna
coimhthíocha ó thaobh na samhlaíochta de, agus beidh rogha acu idir 29 leabhar le húdair agus foilsitheoirí atá lonnaithe in Éirinn. Tá an Chomhairle Ealaíon bródúil le hoibriú i gcomhar le HSE Healthy Ireland i mbliana. Déanfaidh Read Mór cinnte
go mbeidh níos mó daoine in ann sásamh a bhaint as Oíche Chultúir i níos mó áiteanna.
Ordóidh ‘Dochtúirí Leabhar’ Read Mór agus a bhfoirne thart faoi beagnach 3,600 leabhar saor in aisce ar an 22 Meán Fómhair óna dTralaithe Leabharlainne agus tabharfaidh siad cuairt ar na bardaí i spásanna poiblí i seacht n‑ospidéal ar fud na hÉireann
lena n‑áirítear: Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath; Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn, Dún na nGall; Ospidéal Ollscoile Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe, Gaillimh, Ospidéal St. Luke, Cill Chainnigh; Ospidéal an Náis, Cill Dara, Ospidéal Inse, Contae an Chláir;
agus Ospidéal Chromadh, Luimneach ar Oíche Chultúir. Cuirfear tús le babhtaí na nDochtúirí Leabhar ó 3pm ar aghaidh ar fud na tíre.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Cé go bhfuil an saol lán den teicneolaíocht atá ag tarraingt ár n airde, is fíorluachmhar é an taitneamh atá le baint as leabhar fisiciúil a léamh i gcónaí. Baineann Read Mór leis an bpobal ag glacadh páirt i scéalta, smaointe, agus i mothúcháin a thugann
muid go dtí áiteanna éagsúla inár samhlaíocht. Beidh Read Mór ag tabhairt lámh chúnta chun an draíocht a thabhairt go dtí Oíche Chultúir i mbliana freisin do na daoine nach mbeidh in ann a bheith i láthair sna himeachtaí ar an ngnáthbhealach. Ní bheimis
in ann é seo a dhéanamh gan an tacaíocht iontach a fuaireamar ó na scríbhneoirí agus ó na foilsitheoirí ar fad. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár gcomhpháirtithe in HSE Healthy Ireland as ucht a dtacaíochta chun Read Mór a chur ar
siúl in ospidéil ar fud na hÉireann san Oíche Chultúir seo.”
Dúirt Stiúrthóir FSS Straitéise agus Taighde Dr Philip Crowley:
“Tá ríméad ar an HSE a bheith páirteach san imeacht seo. Bainfear an sásamh go deo as an gcuairt a thabharfaidh na Dochtúirí Leabhar Read Mór agus a bhfoirne ar na hospidéil agus bainfidh ár n othair agus ár bhfoireann cúraim sláinte taitneamh as. Níor
mhór go mbeadh meas againn ar na buntáistí a bhaineann le bheith ag léamh dár meabhairshláinte agus folláine, agus tá súil againn go n ardóidh an tionscadal seo feasacht ar na buntáistí cruthaithe seo. D’fhéadfadh go leor de na buntáistí a bhaineann
le bheith ag léamh a bheith ann ar feadh saol duine agus ní bhíonn ródheireanach tosú ag léamh”in am ar bith.”
Dúirt Sarah McCormack Ceannasaí HSE Healthy Ireland FSS:
“Is céim thábhachtach chun cinn eile í an rannpháirtíocht in Read Mór chun Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm, agus cuireann sí tógáil na dtimpeallachtaí sláintiúla chun cinn chomh maith le hiompair nóis maireachtála shláintiúla. Beidh ár bhfoireann ag
obair ar an oíche chéanna mar chuid den tionscnamh seo. Tá súil againn go meabhróidh sé dóibh faoin tábhacht atá le ham a chur ar leataobh dá meabhairshláinte agus folláine féin agus faoin gcaoi ar féidir le leabhar a bheith ina acmhainn luachmhar.
Táimid thar a bheith buíoch den Chomhairle Ealaíon as ucht HSE Healthy Ireland a roghnú mar chomhpháirtí le haghaidh Read Mór”.
Nuair a thiocfaidh deireadh leis an oíche, tabharfar spreagadh do na hothair an sásamh a bhaineann le bheith
ag léamh a roinnt le daoine eile ach a leabhar a chur ar aghaidh chuig duine muinteartha nó chuig cara leo nuair a fhágfaidh siad an t ospidéal. Bronnfar réimse leathan leabhar, agus beidh roinnt acu i nGaeilge, beidh teidil ann a oirfidh do gach
suim agus do gach aois, bíodh sin úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, cuimhní cinn, leabhair do leanaí agus do dhaoine fásta óga. Beidh roinnt closleabhar ó chuid de na teidil ar fáil freisin.
Tá an t uafás údar ann atá páirteach sa chlár
bronnta leabhar Read Mór lena n áirítear Eimear McBride, a bhuaigh Duais tionscnaimh Goldsmith; John Banville, a bhuaigh an Duais Booker 2005; Nuala Ní Dhomhnaill, file Gaeilge atá mór le rá; Oein DeBhairduin, comhbhunaitheoir LADT TARA (Comhaontas
an Luchta Taistil agus na Romach); agus Emma Donoghue, a ndearnadh scannán buaite Oscar, Room; agus go leor eile!
Íoslódáil an Treoir Léitheoireachta Read Mór
←Fill ar ais go dtí an nuacht