Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na
hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí scannán iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir
Scannán Cónaithe in UCC don bhliain féilire 2022.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe
i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur
ar fáil d’ealaíontóir scannán a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i
dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn
i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i
mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Eolas
faoin gcónaitheacht
Fostófar an tEalaíontóir Scannán
Cónaithe don bhliain féilire 2022 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn na
Scannánaíochta agus na Meán Scáileáin ag UCC.
Beidh dhá chuid ag an gcónaitheacht:
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh
2022, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun caidreamh a bhunú le
mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an tEalaíontóir Scannán
Cónaithe an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le foireann na
hollscoile, agus d’fhéadfadh go mbeadh teagasc dírithe iarchéime, ceardlanna,
meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann fuinneamh
nua agus uathúil leis an gclár scannánaíochta agus meán scáileáin mar chuid den
chlár sin. Is é ceithre uair an chloig in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid
ama teagmhála a bheidh ag an ealaíontóir le mic léinn agus leis an bhfoireann
agus le linn an ama seo, ní bheidh ar an Ealaíontóir Scannán Cónaithe curaclam
príomhúil a sheachadadh.
Ó mhí Iúil go mí na Nollag, tacófar
leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun díriú go hiomlán ar a gcleachtas
féin.
Is é
€30,000 an táille don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, le ranníocaíocht €20,000 ón
gComhairle Ealaíon agus ranníocaíocht €10,000 ón ollscoil féin. Cuirfidh UCC
spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, áit a mbeidh sé/sí in
ann tabhairt faoina gcleachtas cruthaitheach féin ar champas na hollscoile.
Chomh maith leis sin, tacóidh UCC leis an gcónaitheacht ó thaobh cúrsaí
riaracháin de. Íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an táille ina dhá thráthchuid,
agus beidh tuairisc dheiridh le cur isteach ag an Ealaíontóir Scannán Cónaithe
ag deireadh na cónaitheachta.
Le tuilleadh eloas, féach anseo le do thoil.
←Fill ar ais go dtí an nuacht