Tá áthas ar an
gComhairle Ealaíon a fhógairt gurb í Yvonne McDevitt an duine ar éirigh léi
Dámhachtain Authored Works a bhaint amach in 2021.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Authored
Works a ceapadh chun saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a thabhairt d’ealaíontóirí
scannán chun saothar scannáin chultúrtha le húdar a dhéanamh. Cuirfear an tionscadal a n‑éireoidh leis i
láthair don chéad uair ag Institiúid Scannán na hÉireann in 2023.
Ba mhaith leis
an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh le Yvonne McDevitt as an
dámhachtain scannáin seo a bhaint amach agus táimid ag súil leis an scannán a
fheiceáil os comhair lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta nuair a
chríochnófar é.
Teideal
an Scannáin KNOCK KNOCK
Stiúrthóir
agus léiritheoir: Yvonne McDevitt
Is léiriú
scannáin ar an gcóras Soláthair Dhírigh in Éirinn atá faoi threoir ealaíontóra
é KNOCK KNOCK.
Casann eisimirceach Éireannach atá ag filleadh ar Éirinn ar dhídeanaí Ruandach
go hosnádúrtha i gCnoc Mhuire.
Is saothar de chuid Authored Film é seo a fhiosraíonn Féiniúlacht, Diaspóra,
Inimirce agus Geopholaitíocht Chomhaimseartha na hÉireann.
Is Ealaíontóir agus Scannánaí Éireannach í Yvonne
McDevitt, a bhfuil go leor gradam buaite aici, a bhíonn ag saothrú sa
scannánaíocht neamhfhicsin agus thrialach agus a bhfuil suim aici i stair an
chine dhaonna, sa scannánaíocht idirdhisciplíneach agus i dteicneolaíochtaí
nua. Tá cúlra fairsing aici san amharclannaíocht agus bronnadh Duais
Stiúrthóirí Jerwood uirthi ag an Young Vic Theatre sa bhliain 2002, agus
bronnadh Comhaltacht Drámaíochta Judith E. Wilson uirthi ag Ollscoil Cambridge,
2004-06.
Tugann an príomhscannán faisnéise is déanaí aici, White
City (2017), léargas ar dhearcadh uathúil ar chosc taistil na Moslamach a thug
Donald J. Trump isteach. Maidir leis an scannán lánfhada aici, Two Graves
(2013), agus na gearrscannáin a rinne sí roimhe sin, Horse (2014), Time (2015)
agus Blindness (2016), cuireadh i láthair don chéad uair iad agus léiríodh iad
ag mórfhéilte scannánaíochta idirnáisiúnta lena n-áirítear, Fleadh Scannán na
Gaillimhe, East End Film Festival London agus Festival de Cannes ina measc.
Roghnaíodh Yvonne le haghaidh Berlinale Talents ag 64ú Féile Idirnáisiúnta
Scannán Bheirlín in 2014 agus bronnadh Scoláireacht na Fraincise uirthi ag
Centre Culturel Irlandais i bPáras, sa bhliain 2018. Cuireadh an gearrscannán
is déanaí aici BНУТРИ (Inside)
i gcrích in 2020 agus cuireadh i láthair don chéad uair é ag Féile Scannán
Cannes in 2021. Tá an scannán lánfhada is déanaí aici MYRRH, a ndearnadh
scannánú air in Valais na hEilvéise, le cur amach in 2022. Is Ealaíontóir Scannán Cónaithe í ag UCC le
linn 2022.
←Fill ar ais go dtí an nuacht