Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na
hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí scannán iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir
Scannán Cónaithe in UCC don bhliain féilire 2023.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar
Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil
agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóir scannán a
chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta
sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar
bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i
mbun staidéir.
Eolas faoin gcónaitheacht
Fostófar an tEalaíontóir Scannán
Cónaithe don bhliain féilire 2023 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn na Scannánaíochta
agus na Meán Scáileáin ag UCC.
Beidh dhá chuid ag an gcónaitheacht:
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh
2023, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun caidreamh a bhunú
le mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an tEalaíontóir
Scannán Cónaithe an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le foireann
na hollscoile, agus d’fhéadfadh go mbeadh teagasc dírithe iarchéime,
ceardlanna, meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann
fuinneamh nua agus uathúil leis an gclár scannánaíochta agus meán scáileáin mar
chuid den chlár sin. Is é ceithre uair an chloig in aghaidh na seachtaine an
t-uasmhéid ama teagmhála a bheidh ag an ealaíontóir le mic léinn agus leis an
bhfoireann agus le linn an ama seo, ní bheidh ar an Ealaíontóir Scannán
Cónaithe curaclam príomhúil a sheachadadh.
Ó mhí Iúil go mí na Nollag,
tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun díriú go hiomlán ar a
gcleachtas féin.
Is é €30,000 an táille don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, le ranníocaíocht
€20,000 ón gComhairle Ealaíon agus ranníocaíocht €10,000 ón ollscoil féin.
Cuirfidh UCC spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, áit a
mbeidh sé/sí in ann tabhairt faoina gcleachtas cruthaitheach féin ar champas na
hollscoile. Chomh maith leis sin, tacóidh UCC leis an gcónaitheacht ó thaobh
cúrsaí riaracháin de. Íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an táille ina dhá
thráthchuid, agus beidh tuairisc dheiridh le cur isteach ag an Ealaíontóir
Scannán Cónaithe ag deireadh na cónaitheachta.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór go mbeadh taithí scannánaíochta ag iarratasóirí ar an ról, lena
n-áirítear teideal creidiúna amháin ar a laghad acu mar stiúrthóir nó mar
scríbhneoir/stiúrthóir ar fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a
taispeánadh sa phictiúrlann. Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór
d’iarratasóirí:
- A
bheith ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann.*
- Is
ealaíontóirí gairmiúla cleachtacha iad. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go
leanúnach ná go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad
féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla
atá i mbun cleachtaidh.
De
réir Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, tá an
Chomhairle Ealaíon agus COC tiomanta do chinntiú go dtugtar faoi bhearta
beartais dearfacha chun na deiseanna céanna a chur chun cinn do gach duine a
chónaíonn in Éirinn, beag beann ar inscne, ar ghnéaschlaonadh, ar stádas
sibhialta nó teaghlaigh, ar chreideamh, ar aois, ar mhíchumas, ar chine nó ar
dhuine den Lucht Siúil. Ina theannta sin, tarraingímid aird ar an gcúlra
socheacnamaíoch mar fhoras eile ina gcaithfear comhionannais deiseanna a
chinntiú. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh iarratais ó gach cuid de shochaí
na hÉireann, na tréithe thuasluaite ina measc ach nach bhfuil teoranta dóibh.
Ní mór d’Ealaíontóirí Scannán an méid seo a leanas a chur ar fáil chun
iarratas a dhéanamh:
- Togra mionsonraithe. Ba cheart go
dtabharfaí achoimre ar fhís an iarratasóra don ról d’Ealaíontóir Scannán
Cónaithe agus ar chur chuige molta maidir le teagmháil a dhéanamh le mic léinn,
le baill foirne agus leis an ollscoil níos leithne. Ba cheart tagairt a
dhéanamh do taithí ábhartha chun tacú leis an togra.
- Ráiteas an ealaíontóra, ar aon
leathanach amháin, ina ndéantar cur síos ar an tionchar a bheadh ag an
gcónaitheacht ar fhorbairt chleachtas an ealaíontóra sa scannánaíocht.
- CV mionsonraithe, ina leagtar amach
teidil chreidiúna scannáin.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuigfilmartist@ucc.ie faoi 5.30
pm ar an 13 Deireadh Fómhair. Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost
amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.
An Próiseas Measúnaithe
Bunóidh an Chomhairle Ealaíon agus
UCC coiste roghnúcháin nuair a fhaightear na hiarratais, agus beidh beirt
ionadaithe ó UCC, (lena n-áirítear cathaoirleach gan ceart vótála), duine
amháin ón gComhairle Ealaíon agus comhalta painéil seachtrach ag a bhfuil
saineolas scannánaíochta ar an bpainéal sin. Cuirfidh an coiste roghnúcháin
gearrliosta d’iarratasóirí le chéile bunaithe ar na critéir seo a leanas:
- cuntas
teiste ealaíonta (sa scannánaíocht) an iarratasóra (agus teideal creidiúna
amháin ar a laghad aige nó aici mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir/stiúrthóir ar
fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a taispeánadh sa phictiúrlann san
áireamh)
- caighdeán
an smaoinimh/chur chuige mar atá le sonrú san iarratas
- an
tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcónaitheacht ar chleachtas
cruthaitheachta an Ealaíontóra Scannán féin
Bunófar gearrliosta (ní bheidh níos mó ná seisear iarratasóirí ar an
ngearrliosta). Iarrfar ar iarratasóirí a chuirtear ar an ngearrliosta dul faoi
agallamh go luath i mí na Samhna. Reáchtálfar an t-agallamh trí ghlaoch
físchomhdhála. Tabharfaidh sé an deis do na hiarratasóirí atá ar an
ngearrliosta a bhfís agus a dtaithí a phlé go mion. Déanfaidh an painéal an
cinneadh deiridh bunaithe ar na critéir thuasluaite.
*Cuirtear eisceachtaí ar leith i bhfeidhm a chiallaíonn go measfar
iarratasóirí a bheith incháilithe má éiríonn leo cleachtas ealaíon a mbainfear
tairbhe as do na healaíona i bPoblacht na hÉireann a chur in iúl.
←Fill ar ais go dtí an nuacht