Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon sonraí maidir leis an gcéad léiriú de scannáin Reel Art, Floating Structures (Adrian Duncan agus Feargal Ward) agus What Time is Death? (Paul Duane) a roinnt leat. Beidh na scannáin le feiceáil ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta i rith Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath de chuid Virgin Media i mbliana, agus beidh déantóirí na scannán i láthair ag an ócáid.
Floating Structures
Á stiúradh ag Adrian Duncan agus Feargal Ward
Dé Luain, 25 Feabhra 6.30 pm ag an IFI
Leanann Floating Structures taighdeoir atá ag taisteal ar fud lár agus dheisceart na hEorpa ar thóir sraith foirgneamh agus struchtúr a bhfuil an chuma orthu gur tháinig siad ó shaol éigin eile. Déanann an treoraí mistéireach, ag tarraingt ar smaointe agus ar fhíseanna an innealtóra chlúitigh as Éirinn Peter Rice, iniúchadh ar na hilchríocha atá mórthimpeall ar na struchtúir seo agus as a n-eascraíonn siad. Is turas iarnróid é a théann ar seachrán ón mbaile ciúin Bavárach Haßfurt go dtí áiteanna laistigh agus lasmuigh de Pháras. Déantar scagadh ar dhéantáin chrochta agus ar fhothraigh i gceann blianta fada agus ón domhan tionsclaíoch mar a bhí agus snoitear le chéile iad le cruinneas agus le hiontas.
Is ealaíontóir agus scríbhneoir atá bunaithe in Éirinn agus i mBeirlín é Adrian Duncan. Chuir sé scannán mórscála/suiteáil dealbhóireachta ar taispeántas in 2018, i gcomhar le Feargal Ward, dar teideal The Soil Became Scandinavian, mar chuid de EVA 2018, faoi choimeád Inti Guerrero. Léiríodh an scannán den chéad uair ina dhiaidh sin ag IDFA 2018.
Foilseoidh The Lilliput Press an chéad úrscéal ó Duncan, Love Notes from a German Building Site, i mí Aibreáin 2019. Is é Duncan an comheagarthóir ar Paper Visual Art Journal (Éire/Danmhairg).
Rinne Duncan staidéar ar innealtóireacht struchtúr ó 1995 agus d’oibrigh sé mar innealtóir struchtúr ar feadh breis is deich mbliana sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Bhain sé a chairt amach ó I.E.I. (Foras Innealtóirí Éireann) in 2007, sular fhill sé chun staidéar a dhéanamh ar na mínealaíona in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, Dún Laoghaire agus NCAD.
Is déantóir scannán agus ealaíontóir é Feargal Ward atá bunaithe in Éirinn agus i mBeirlín. Bhí an chéad léiriú den scannán fada is déanaí uaidh, The Lonely Battle of Thomas Reid, sa phríomhchomórtas ag IDFA in Amstardam in 2017. Léiríodh an scannán fada a bhí aige roimhe sin, Yximalloo, (á stiúradh i gcomhar le Tadhg O’Sullivan) den chéad uair ag FID Marseille áit ar bhain sé an duais Prix Premier amach in 2014.
Mar chuid dá chleachtas freisin bíonn sé ag obair i gcomhar le healaíontóirí agus déantóirí scannán eile; i measc na samplaí le déanaí bhí a chuid oibre mar chineamatagrafaí le haghaidh scannán Reel Art le Tadhg O’Sullivan, The Great Wall (CPH:DOX; MoMA Documentary Fortnight) agus Report To An Academy le hAilbhe Ní Bhrian (RHA, Baile Átha Cliath; Domobaal Gallery, Londain)
What Time is Death?
Á stiúradh ag Paul Duane
Dé Máirt, 26 Feabhra 6.30 pm ag an IFI
In 2017 chonaiceamar Bill Drummond agus Jimmy Cauty, The KLF mar a bhíodh orthu tráth, ar ais arís gan smid a chloisteáil uathu le 23 bliain cheana – ach ní grúpa popcheoil iad a thuilleadh. Is adhlacóirí iad anois, agus é beartaithe acu séadchomhartha a thógáil, Pirimid na nDaoine, as 34,952 bríce ó choirp daoine marbh. Rinne siad gaisce roimhe sin in 1994, tráth ar las siad díol milliún punt dá gcuid airgid féin i dteach bád a bhí as úsáid ar oileán in Albain tar éis clú agus cáil a bhaint amach mar cheann de na bannaí popcheoil ba cháiliúla i Sasana go luath sna 90idí.
Tá Paul Duane ag déanamh scannán, idir dhrámaí agus chláir faisnéise, le scór bliain. I mí Eanáir 2014 ba é an t-aon stiúrthóir é a raibh dhá scannán aige ar liosta bliantúil Variety den ‘deichniúr stiúrthóirí ar fiú súil a choimeád orthu’.
Bhí an chéad léiriú clúiteach de While You Live, Shine, (Dámhachtain do Thionscadal Scannáin na Comhairle Ealaíon 2016) ann in 2018 agus bhuaigh sé gradam Spirit of Indie Cork ag Féile Indie Corcaigh. Léirigh sé an scannán fada a bhuaigh gradam IFTA in 2015 In A House That Ceased To Be, agus fuair a chlár faisnéise fada Barbaric Genius a fuair ainmniúchán IFTA agus Grierson ardmholadh mar scannán “cumhachtach – ceithre réalta” mar a deir Peter Bradshaw ó The Guardian, agus dar leis The Sunday Times gurbh “aistear iontach chuig an taobh eile de na ráillí” a bhí ina chlár faisnéise ar an robálaí bainc rockabilly Jerry McGill, Very Extremely Dangerous.
Bhí a scannán Reel Art, Natan, le feiceáil ag roinnt de na féilte scannán ab iomráití ar domhan – Dún Éideann, Telluride, Lumiére & Pordenone in 2013. Ceapadh gur “cláir faisnéise den scoth é ... scéal iontach, a bhí dearmadta a bheag nó a mhór,” agus fuair sé ainmniúchán i gcomhair IFTA in 2014. Is é freisin a chomh-chruthaigh agus a chomh-léirigh an tsraith Amber, ar RTÉ, a bhain duais IFTA amach, agus a fuair rátálacha nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar a chéad chraoladh in Éirinn i mí Eanáir 2014.
←Fill ar ais go dtí an nuacht