An chéad bheartas dá leithéid maidir le Taibhiú Sráide
agus Seónna
Neartaíonn sé tuairim na Comhairle Ealaíon gur cheart
go mbeadh rochtain ag cách ar na healaíona
Béim ar chomhpháirtíocht phobail agus ar
Chomhpháirtíochtaí leis na hÚdaráis Áitiúla
Cuireann sé bród ar an
gComhairle Ealaíon a Beartas maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna agus a
Plean Forfheidhmithe Straitéise a chur i láthair, tionscnamh ceannródaíoch lena
leagtar amach fís d’Éirinn ina léireofar meas
agus ómós do na cleachtais chruthaitheacha a bhaineann le Mórthaibhsiú Sráide
agus Seónna agus ina gcothófar iad.
Leis an mBeartas seo
maidir le Taibhiú Sráide agus Seónna, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn,
féachtar le haitheantas a thabhairt don luach agus don tábhacht ar leith a
bhaineann leis na foirmeacha ealaíne seo.
Tá sé d’aidhm aige freisin an fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht
fhiúntach, ardchaighdeáin leis na healaíona a chuireann na foirmeacha ealaíne
seo ar fáil do shochaí uile na hÉireann a léiriú.
Cuimsíonn Taibhiú
Sráide léirithe beo lasmuigh, a bhíonn saor in aisce de ghnáth, agus tagraíonn
Seónna do léirithe feiceálacha ina mbíonn flótaí, glóir-réimeanna, agus
struchtúir mhórscála, go minic i gcomhthéacs féilte. Bíonn figiúirí arda maidir le rannpháirtíocht
an phobail bainte amach ag an dá fhoirm ealaíne agus meallann siad
déimeagrafaigh éagsúla isteach.
I mBeartas nua na
Comhairle Ealaíon cuirtear pá cóir d’ealaíontóirí i dtábhacht, chomh maith le
forbairt gairme inbhuanaithe, agus deiseanna oiliúna gairmiúla
feabhsaithe. Tugtar aitheantas ann
freisin do ról rí-thábhachtach na nÚdarás Áitiúil, Féilte agus Ionad Ealaín
chun tacú le forbairt agus cur i láthair saothar i bpobail ar fud na hÉireann,
agus éilítear ann níos mó deiseanna comhchruthaithe, ina gcomhoibreodh
ealaíontóirí agus pobail chun tionscadail a fhorbairt sna háiteanna ina bhfuil
cónaí orthu.
Léiríonn an beartas
réimse beartas straitéiseach éagsúil eile de chuid na Comhairle Ealaíon – an
beartas Luach Saothair don Ealaíontóir agus an Beartas Comhionannais,
Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachtasan áireamh – agus tá béim láidir ann
ar fhorbairt na n-ealaíon a chinntiú do chách in Éirinn, beag beann ar a n-áit
chónaithe, agus i gcomhréir leis an mbeartas spásúlachta Áit, Spás agus
Daoinede chuid na Comhairle Ealaíon.
Dúirt Maura
McGrath, Cathaoirleach na
Comhairle Ealaíon:
“Tá
seoladh an Bheartais maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna ina uain
chinniúnach i bhforbairt thírdhreach na n-ealaíon in Éirinn. Leis an mBeartas seo tugtar aitheantas do
luach ollmhór Mórthaibhsithe Sráide agus Seónna mar fhoirmeacha ealaíne atá bríomhar
agus ionchuimsitheach agus atá in ann athrú ó bhonn a dhéanamh ar phobail agus
creatlach chultúrtha ár náisiúin a shaibhriú. Agus sinn ag féachaint i dtreo na todhchaí, tá an Chomhairle Ealaíon
tiomanta do chinntiú go dtacófar leis na cleachtais ealaíne seo, go gceiliúrfar
iad, agus go dtabharfar dóibh an t-aitheantas atá tuillte acu. Trí infheistíocht a dhéanamh inár
n-ealaíontóirí agus rannpháirtíocht fhiúntach le luchtanna féachana a chothú,
tá sé mar aidhm againn eispéireas cultúrtha níos bríomhaire agus níos
ionchuimsithí a chruthú do chách.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid
seo:
“Is
céim thábhachtach é an beartas nua seo chun forbairt agus inbhuanaitheacht
Mórthaibhsithe Sráide agus Seónna a chothú ar fud na hÉireann. Le béim ar údarás áitiúil, comhpháirtíochtaí,
agus gairmeacha inbhuanaithe d’ealaíontóirí, agus le níos mó rannpháirtíochta
ón bpobal, is é is aidhm leis an mbeartas ealaíontóirí a chumasú ionas go
gcruthóidh siad eispéiris láidre agus ionchuimsitheacha do luchtanna féachana,
beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu. Ba é misean na Comhairle Ealaíon i gcónaí a chinntiú go bhfuil rochtain
ag cách ar na healaíona, agus leis an mbeartas seo, ní hamháin go bhfuilimid ag
tacú leis na healaíontóirí, ach táimid ag cur leis an nasc idir daoine agus na
healaíona chun tír níos cruthaithí agus níos aontaithe a chruthú in Éirinn.”
Tá an Beartas nua
maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna mar chuid de thiomantas leanúnach na
Comhairle Ealaíon chun a fís straitéiseach deich mbliana, Saothar Ealaíne
Iontach a Tháirgeadh, a bhaint amach, lena bhféachtar le cinntiú gur féidir
le gach duine in Éirinn na healaíona a chruthú, sult a bhaint astu, agus páirt
a ghlacadh iontu.
←Fill ar ais go dtí an nuacht