Is mian leis an gComhairle Ealaíon seirbhísí roinnt Comhairleoirí Ealaíon a sholáthar chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíochta agus seachadadh seirbhíse de. Is iad seo a leanas na réimsí ealaíne lena mbaineann sé sin: Rannpháirtíocht sna hEalaíona; Damhsa; an Litríocht Ghaeilge; an Litríocht Bhéarla; na Físealaíona; Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas. Déanfar gach conradh a thairgeadh as féin.
Is cleachtóirí a bhfuil taithí acu sna réimsí ábhartha a bheidh sna tairgeoirí a n-éireoidh leo, agus beidh an saineolas agus an taithí riachtanach acu le hoibriú le foireann na Comhairle Ealaíon trí chuidiú le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú, trí chomhairle chriticiúil a sholáthar ar shaothair ealaíne agus trí chomhairle a thabhairt i ndáil le beartas i leith foirmeacha ealaíne.
Déantar iarratas ar na conarthaí sin ar fad go heisiach trí phróiseas tairisceana poiblí a chuirfear ar fáil tríd an suíomh Gréasáin soláthair eTenders ar an Luan an 7 Aibreán: www.etenders.gov.ie. Ba cheart gach togra a bheith istigh faoin Luan an 28 Aibreán 2014. Ba cheart aon cheist i dtaobh ceann ar bith de na conarthaí sin a chur de réir mar a leagtar amach sna fógraí tairisceana, agus níor cheart iad a chur chuig an gComhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht