Inniu, spreagann an Chomhairle Ealaíon gach duine chun
tús a chur le pleananna a dhéanamh do ‘Conas Oíche Chultúir 2024 a
Chaitheamh’. Agus í ar siúl Dé hAoine seo chugainn, an 20 Meán Fómhair,
beidh Oíche Chultúir 2024 ag tógáil ar an rath a bhí uirthi anuraidh, inar
ghlac 1.2 milliún duine páirt i mbreis agus 1,700 imeacht cultúrtha saor in
aisce ar fud na tíre. I mbliana, tá sé mar aidhm ag Oíche Chultúir a bheith
níos ionchuimsithí, níos inrochtana agus níos éagsúla fós, agus an chuid is
fearr de na healaíona traidisiúnta agus de na healaíona atá ag teacht chun cinn
in Éirinn a thaispeáint ag an am céanna.
Conas a caithfidh tú Oíche Chultúir?
Tá an Chomhairle Ealaíon ag leagan béim
ar an iliomad bealaí ar féidir le daoine Oíche Chultúir a chaitheamh, bídís ag
tabhairt faoi chamchuairt, ag glacadh páirt i gceardlann amharc-ealaíon, ag
rince leis an gceol ag gig nó ag triail rud éigin úrnua. Is ann do rud éigin a
oireann do gach riachtanas agus rogha, agus is féidir leis an lucht féachana
agus éisteachta suíomh gréasáin Oíche Chultúir a sheiceáil le fáil amach faoi
inrochtaineacht agus an méid a oirfidh dóibhsean ANSEO. Do dhuine ar bith nach bhfuil cinnte conas Oíche
Chultúir a chaitheamh mar theaghlach, ar choinne, nó i gcás ina bhfuil
luaineacht theoranta acu, tá na freagraí ar an suíomh gréasáin www.culturenight.ie. Cuirfear nuashonruithe ar fáil ar an
suíomh gréasáin agus ar chainéil na meán sóisialta maidir le himeachtaí nua a
chuirtear leis suas go dtí an 20 Meán Fómhair.
Tá roinnt de na healaíontóirí agus na daoine de lucht
cultúrtha na n‑ealaíon is fearr in Éirinn ag scaipeadh an eolais faoi Oíche
Chultúir. I measc na nAmbasadóirí sin d’Oíche Chultúir, tá Stiofán Ó Fearail,
amhránaí, cumadóir amhrán, ceoltóir agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa tíre
chomhaimseartha dhátheangaigh Seo Linn, a bheidh ag ceol ag An Chomhairle Ealaíon; mórcheoltóir popcheoil SexyTadhg,
a bheidh ag glacadh páirt san imeacht Mockie Ah!: Camp Culture in Amharclann an Everyman i
gCorcaigh; rapálaí, cumadóir amhrán agus duine de na hainmneacha is iontaí i
saol hip hap na hÉireann, Celaviedmai, a bheidh ag ceol ag Féile Ceoil agus Ealaíon Sionna i gCaisleán Rí Eoin i
Luimneach; an damhsóir traidisiúnta extraordinaire
agus údar leabhar do pháistí Edwina Guckian, a bheidh ag glacadh páirt i
gcraoladh RTÉ; agus scríbhneoir, podchraoltóir agus
urlabhraí ar son na hinbhuanaitheachta, Keelin Moncrieff, a bheidh
páirteach in imeachtaí timpeall chathair Bhaile Átha Cliath.
Beidh imeachtaí ar siúl i mbliana i ngach contae, agus i spásanna uirbeacha
agus tuaithe araon. Beidh Oíche Chultúir
Dhéanach ann arís agus beidh 45 imeacht bhreise saor in aisce ar siúl go
déanach san oíche. Cuirtear an tionscnamh ar fáil a bhuí leis an tacaíocht
bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
faoin Tascfhórsa Geilleagair Oíche.
Ag tagairt di do sheoladh Oíche Chultúir 2024, dúirt an
tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine
Martin TD an méid seo:
“Tá fás rábach i ndiaidh teacht ar Oíche Chultúir le 19
mbliana anuas ó cuireadh tús léi agus tá ríméad ar mo roinn tacú leis an
tionscnamh uathúil iontach seo a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht mhór
cultúir atá ar fáil ar ár n‑oileán. Sluán atá sa teachtaireacht ‘Oíche Dár
Saol’ ar ndóigh, ach níos tábhachtaí fós, is prionsabal é, de réir mar a
oibríonn an Chomhairle Ealaíon chun eispéireas níos cuimsithí agus níos
inrochtana fós a chruthú do gach duine inár bpobal ar Oíche Chultúir. Ní bheadh
Oíche Chultúir chomh rathúil céanna gan obair ríthábhachtach na nÚdarás
Áitiúil, a chuireann lena rathúlacht leanúnach bliain i ndiaidh bliana. Is díol
spreagtha dúinn uile é an ráta ollmhór rannpháirtíochta le hOíche Chultúir i
measc an lucht féachana agus éisteachta ó seoladh í agus táimid ag tnúth le
gach duine a bheith ag dul amach agus a bheith páirteach ina gceantair áitiúla
Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair.”
Dúirt Maura McGrath,
Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an méid seo:
“Oíche uathúil is ea Oíche Chultúir,
ina dtagann pobail ar fud na hÉireann le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar
bheocht agus ar éagsúlacht ár n‑ealaíon. Agus mé i mo chéad bhliain mar
Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon, tá lúcháir orainn réimse níos leithne
fós d’imeachtaí a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar an uile spéis agus cumas. Ó
cheardlanna go gigeanna, agus imeachtaí a bheidh ar siúl déanach san oíche, is
iomaí bealach atá ann le bheith páirteach. Tabharfaidh ár suíomh gréasáin agus
ár gcainéil shóisialta treoir duit gach céim den bhealach, lena chinntiú gur
féidir le gach duine teacht ar a mbealach uathúil féin le taithí a fháil ar
dhraíocht Oíche Chultúir 2024.”
Agus í faoi mhaoirseacht na Comhairle Ealaíon,
oibrítear Oíche Chultúir i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí
cultúrtha ar fud an oileáin. Tugann an oíche léargas ar chaighdeán agus
fairsinge na n‑eisiúintí cultúrtha éagsúla in Éirinn, agus cuirtear lucht
féachana agus éisteachta ar an eolas faoi ionaid nua agus tallann atá ag teacht
chun cinn. Ag ceiliúradh luachanna na hoscailteachta, na fionnachtana agus an
mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le hOíche Chultúir 2024
saor in aisce. Cabhraíonn líon mór daoine, áiteanna agus ionaid tionóil le
cinntiú go dtarlóidh sé, lena n‑áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe,
dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe
ceardaíochta, stiúideonna, amharclanna, grúpaí pobail, comhlachtaí poiblí,
cuideachtaí iompair, ollscoileanna agus sibhse an lucht féachana.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle
Ealaíon, an méid seo:
“Beidh Oíche
Chultúir 2024 ar an gceiliúradh is cuimsithí agus is dinimiciúla dá raibh ann
riamh. Léirigh rannpháirtíocht ollmhór na bliana seo caite an chumhacht atá ag
an gcultúr chun braistint phobail a chruthú, agus táimid ag tógáil ar an
bhfuinneamh sin i mbliana chun freastal ar níos mó daoine fós, i níos mó
áiteanna fós, ar fud na tíre. Más iad na healaíona traidisiúnta is spéis duit
nó má tá rud éigin úrnua uait, is ann do rud éigin do chách. Molaimid do gach
duine tús a chur leis an bpleanáil anois—cá mbeidh tusa ar Oíche Chultúir? Níl
aon amhras ach gur oíche den scoth a bheidh ann.”
I measc na mbuaicphointí ó gach cearn den tír,
do gach aois agus spéis, tá
- A Stitch in Time – Upcycling Workshop, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara, a
thabharfaidh leideanna agus scileanna leis an leas is fearr is féidir a
bhaint as éadaí agus earraí fabraice tí. Féadfaidh an lucht freastail idir trí
agus cúig sheanearra éadaí nó teicstílí a thabhairt leo (cuirtear gach ábhar
eile ar fáil) le deisiú, le huaschúrsáil nó le hathchruthú ina n‑earraí úrnua.
Níl gá le taithí fuála; ó ghreim scaoilte a dheisiú go muinchillí lása a chur
leis nó muineál a ghearradh síos, is féidir an uile rud a dhéanamh le beagán
treorach. Ceardlann spraíúil chruthaitheach eolasach is ea seo atá oiriúnach do
chách.
- Ceolchoirm Bhanna Bhaile an Mhuilinn Chearr, tá an-áthas ar an Muileann gCearr taibhiú
ceoil siamsúil a chur i láthair in éineacht le Colourguard i gCearnóg an
Mhargaidh, an Muileann gCearr le haghaidh Oíche Chultúir 2024.
- Ceardlann buail isteach ‘Myths and Monstrosities’ ag Dánlann Luan, Baile Átha Luain,
a thabharfaidh deis do rannpháirtithe treoir a fháil agus iad ag cruthú a
ndeilbhín féin d’arracht nó de chréatúr miotasach ag úsáid ábhair
cheardaíochta. Ag freagairt do théamaí “an duine arrachtaigh eile” agus na
miotaseolaíochta atá le sonrú i dtaispeántas Kevin Mooney Tuberculosis,
rachaidh na rannpháirtithe i mbun plé criticiúil leis an éascaitheoir faoi
choincheap an uafáis agus úsáid na miotaseolaíochta inár saol laethúil.
- Spark a Love of Stories with Ireland’s Children’s Book
Artists, Cathair
Bhaile Átha Cliath,
a thabharfaidh cuireadh do chuairteoirí a bheith páirteach le Laureate na nÓg
Patricia Forde agus cuid de na húdair agus maisitheoirí is fearr de leabhair do
leanaí in Éirinn le haghaidh oíche dhraíochtach de scéalaíocht bheo i
bhfuinneog Shiopa Leabhar Dubray ar Shráid Grafton.
- Reels
on the Bus, an Longfort, ar ceardlann idirghníomhach ceoil thraidisiúnta agus seisiún ceoil thraidisiúnta beo é atá oscailte do scoláirí meánscoile sa Longfort. Tá sé d’aidhm ag Reels on the Bus ceol traidisiúnta na hÉireann a chur i láthair do dhaoine óga le ceardlann uair an chloig maidir le seinm an bhodhráin. Tá an cheardlann thumthach seo oscailte do ghlantosaitheoirí agus do cheoltóirí a bhfuil taithí acu araon agus foghlaimeoidh siad an dóigh le ceol traidisiúnta beo a thionlacan i dtimpeallacht spraíúil chomhoibríoch.
- Wild & Fired Indian BBQ Feast With Rooh Vodka, Doire,
a thugann cuireadh
d’aíonna a bheith páirteach le Lo & Slo ag Garraí Daingean fíorálainn
Eastát Brook Hall le haghaidh imeacht cumaisc beárbaiciú ghastranómaigh nach
bhféadfaidh tú dearmad a dhéanamh air. Beidh aíonna in ann taitneamh a bhaint
as manglaim eisiacha arna ndéanamh ag an manglamóir deochanna clúiteach Dee
Coll, “Fear na Manglam”, mar aon le féasta blasta trí chúrsa cócaráilte ar an
tine ina dtabharfar spíosraí dána ó fhréamhacha Puinseábacha Lee agus
mealltacht deataigh bheárbaiciú Meiriceánach Emily le chéile.
- Going Global – A Global Citizenship Education Workshop, Liatroim. Tá Ionad d’Obair Dheonach Liatroim agus
Comhlámh ag óstáil ceardlann tráthnóna ina bhfiosrófar spás le haghaidh
fiosrúchán oscailte agus ina ndéanfar iarracht spás dá leithéid a chruthú, chun
fiosrú a dhéanamh ar an domhan casta idirspleách éagothrom ina mairimid, agus
chun todhchaí níos córa agus níos inbhuanaithe a shamhlú do chách.
- DoodleSong, i gCloich na Coillte, Corcaigh,
ar ócáid é do leanaí idir trí agus sé bliana d’aois agus a ndaoine fásta a
bheith le chéile ag canadh agus a gcuid crián a thabhairt ar sciuird. Agus
urlár clúdaithe le páipéar ina spás ealaíonta, beidh amhráin ann mar aon le
scéalta faoi Éirinn ársa, faoi bháid agus faoi thurais, faoi stoirmeacha agus
faoi thonnta draíochta
- Dublin Ink Tattoo Culture Experience, Barra an Teampaill agus an Ceantar
Cruthaitheach, Cathair Bhaile Átha Cliath, a
thugann an deis le taithí a fháil ar ealaín na tatuála ar
bhealach uathúil spraíúil ina roinneann na healaíontóirí cumasacha ag Dublin
Ink a gcuid scileanna agus ina léiríonn siad do chuairteoirí an dóigh le tatú a
dhéanamh - ag úsáid bananaí!
- Ócáid Ilchultúrtha Westport FRC, Cathair
na Mart, Maigh Eo,
a bheidh ar siúl i Scoil an Chroí Ró-Naofa i gCathair na Mart. San imeacht seo
atá oiriúnach do theaghlaigh déantar ceiliúradh ar thaipéis shaibhir na gcultúr
sa phobal le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí. Féadfaidh an lucht freastail
dul ó thábla go tábla ar a léireofar tíortha éagsúla, agus féadfaidh siad
taitneamh a bhaint as bianna, earraí ceardaíochta agus taispeántais chultúrtha
thraidisiúnta. Cuirfear léarscáil den domhan ar fáil d’aíonna le gur féidir leo
na háiteanna as a dtagann siad a mharcáil, agus taispeánfaidh go leor
rannpháirtithe a n‑éadaí traidisiúnta áille.
- ‘Critters’ – A Sculpture And Performance Trail, Leitir
Ceanainn, Dún na nGall,
ar cinnte go mbeidh sé ina thráthnóna nach ndéanfaidh tú dearmad air agus
Carnabhal Inis Eoghain ag cur rian dealbhóireachta agus léirithe i láthair trí
Pháirc Baile Leitir Ceanainn.
Arís eile i mbliana, beidh sraith imeachtaí ar
siúl le haghaidh Oíche Chultúir Dhéanach níos moille san oíche, mórán acu tar éis meán oíche. Cuirtear an tionscnamh i
láthair a bhuí le tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon,
Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Tascfhórsa Geilleagair Oíche. I measc
na mbuaicphointí ó chlár Oíche Chultúir Dhéanach na bliana seo tá:
- Lumina, i dTuaim, Co. na Gaillimhe,
ar ócáid oíche é a bhainfeadh an anáil díot agus a mheallfaidh an lucht
féachana agus aghaidh Ardeaglais Thuama á claochlú ina canbhás solais agus
fuaime le teilgean agus taibhiú córúil beo.
- Oíche Chultúir Dhéanach Top 8, Luimneach, arb
é an aidhm atá aige cultúr bríomhar Damhsa Sráide agus Hip Hap na hÉireann atá
ag fás i gcónaí a chothú. Beidh an t‑imeacht seo ar siúl in dhá ionad tionóil i
gCathair Luimnigh, ina léireofar cultúr saibhir rúnda an
Nua-Afralachais-Éireannaigh agus ina ndéanfar ceiliúradh ar scoth an cheoil le
DJanna ar nós Ceese atá lonnaithe i Luimneach agus Mona Lxsa ó Gxrl Code.
- Cearnóg Theach an Tionóil: JyellowL, Barra
an Teampaill agus an Ceantar Cruthaitheach, Cathair Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh JyellowL ag taibhiú ar an
stáitse don uile mhothú ag Cearnóg Theach an Tionóil. Taibhiú ardfhuinnimh a
thabharfaidh sé uaidh le liriciúlacht a rachaidh i bhfeidhm ar na haon duine,
agus tá a chuid amhrán dinimiciúil idir phearsanta agus phráinneach, agus is
cinnte go gcuirfidh siad daoine ag bogadh agus go mbogfar a gcroíthe san am
céanna. Ar na léirithe eile a bheidh ag Cearnóg Theach an Tionóil, tá BPM
Collective agus Culchie Goth, i measc daoine eile.
- OTHERWORLD, Cathair na Gaillimhe, i
ndiaidh an ratha ollmhóir a bhí ar Oíche Chultúir 2023, agus tá
""OTHERWORLD"" á chur i láthair go bródúil ag Gailearaí
Outset i gcomhar leis an léiritheoir Emmet Kerrigan. Ócáid ealaíon
ildisciplíneach uaillmhianach í seo a thabharfaidh an lucht féachana trí
thírdhreach fairsing, a chuimseoidh réimsí agus stáitsí éagsúla agus ina
dtaispeánfar ceoltóirí den chéad scoth ó Ghaillimh agus níos faide i gcéin.
- Way Of The West X Connollys Of Leap, Corcaigh, a
thugann cuireadh don lucht féachana blaiseadh a fháil de dhraíocht Oíche
Chultúir in éineacht le Way of the West (WOTW) – imeacht ceoil agus ealaíne a
bheidh ar siúl go déanach san oíche. Beidh roinnt de na hainmneacha is iontaí i
saol an cheoil le feiceáil i measc na gceoltóirí, amhail Darren Emerson, JFDR,
Curtisy, Billy Scurry, Arveene, Bon Voyage, Dj Iphone Charger agus Little O.
I ndiaidh an ratha a bhí air anuraidh, tá tionscadal
bronntanais leabhar na Comhairle Ealaíon Read Mór ar ais don tríú bliain. I mbliana, tá an
Chomhairle Ealaíon ag gabháil i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Phríosúin na
hÉireann ar Oíche Chultúir chun liosta coimeádaithe de theidil ó údair
Éireannacha agus údair lonnaithe in Éirinn a bhronnadh laistigh de gach príosún
go náisiúnta.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag cur imeachtaí i láthair i 20 ceann dá
réadmhaoin mór le rá ar fud na hÉireann. I mbliana, trína comhpháirtíocht
le Pavee Point, tá an Chomhairle Ealaíon ag caitheamh solas ar an gceiliúradh ar Chultúr an Lucht Siúil agus na Romach. Trínár gcomhpháirtíocht leanúnach
le tionscnamh We Act de chuid The Wheel, déanaimid ceiliúradh
ar Oíche Chultúir ar obair charthanachta agus phobail freisin mar chuid dár
gcreatlach cultúrtha.
Tá RTÉ
ag tacú go bródúil arís le hOíche Chultúir, agus déanfaidh craoladh beo ar fud
an raidió, na teilifíse agus ar líne ó iliomad ionaid réigiúnacha ó 7 i.n. Dé
hAoine, an 20 Meán Fómhair. Craolfaidh RTÉ One agus RTÉ
Player ócáid mhór cheoil agus ealaíon ina mbeidh Ceolfhoireann RTÉ. Beidh
léiriú réamhthaifeadta David Gray agus Choilm Mhic Con Iomaire ó Sceilg Mhichíl
ann agus na healaíontóirí Villagers, Joe Chester, Gemma Hayes agus Edwina
Guckian ag taibhiú freisin mar chuid de chlár RTÉ.
Craolfar clár speisialta de Arena ó RTÉ Radio 1 beo ó Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine Mara) i mBré, ina mbeidh
ceol, comhrá agus taibhiú. Cuireann 2FM Rising ar Oíche Chultúir oíche ceoil bheo nár cheart a chailleadh
i láthair sa Róisín Dubh i nGaillimh le rogha de chuid de na ceoltóirí is
iontaí in Éirinn, ina measc Big Sleep, Chubby Cat, Brad Heidi agus neart daoine
eile. Beidh The Tracy Clifford Show de chuid 2FM beo ó Ghaillimh, agus cuirfidh
sé tús leis an oíche sula mbeidh Beta Da Silva ina óstach ar chraoladh beo 3
uair an chloig, rud a thabharfaidh an t‑aicsean ar fad duit ón
ócáid.
Cuireann RTÉ Lyric FM Ambient Orbit i láthair, imeacht
beo ar Oíche Chultúir ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i
gcomhpháirtíocht le Douglas Hyde Gallery. Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh an
clár Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada a chraoltar ar an Aoine idir 7 i.n.
agus 9 i.n. Tá RTÉ ag tacú le hOíche Chultúir freisin ar fud na teilifíse, an
raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta trína scéim Ag Tacú leis na
hEalaíona.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Oíche Chultúir agus
chun coinneáil suas le himeachtaí nua a chuirfear ar an gclár, téigh chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil na
meán sóisialta ag úsáid #OneNightForAll agus/nó #OícheDárSaol ag Facebook,
Twitter, Instagram, YouTube agus TikTok Oíche Chultúir.
#OneNightForAll | #OícheDarSaol
←Fill ar ais go dtí an nuacht