Bronnann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an teideal Saoi d’Aosdána ar Paul Muldoon. Grianghraf: Maxwell Photography
Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i gceannas ar shearmanas inniu, Déardaoin an 6 Feabhra 2025, le ceiliúradh a dhéanamh ar thoghadh an fhile agus chomhalta Aosdána Paul Muldoon, mar Shaoi de chuid Aosdána.
Bronntar an gradam, Saoi, as ucht saothar mórghradaim a chruthú ar bhonn leanúnach sna healaíona, agus, tráthnóna inniu, bhronn an tUachtarán siombail na hoifige, Torc óir, ar an Ollamh Muldoon. Bhí an searmanas ar siúl in Áras an Uachtaráin.
Ag labhairt inniu, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn seo a leanas:
“Agus machnamh á dhéanamh againn ar shaol a bhí agus atá tugtha do shaothar cruthaitheach thar cionn a chur ar fáil, saothar a leanann fós, is mór an pléisiúr dom comhghairdeas a dhéanamh le Paul Muldoon, as a bheith roghnaithe ag a phiaraí i saol na n-ealaíon agus an chultúir, leis an onóir seo a bhronnadh air. Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis as gach rud a thug sé dúinn go dtí seo agus a thugann sé dúinn, agus do shaol litríochta na hÉireann go fóill.
Tréaslaím leis agus guím rath agus beannacht ar a chuid oibre agus ar a shaol.”
Deir Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Toghadh 21 Saoi go dtí seo agus inniu, glacann ócáid tofa phléisiúrtha Paul Muldoon muid go 22 Saoi thar 44 bliain d’Aosdána. Tá Paul Muldoon ar an tríú Saoi dhéag i ndisciplín na litríochta. Is onóir ar leith é an teideal ‘Saoi’ a bhronnadh ar dhuine, onóir nach mbronntar ach ar ealaíontóirí a bhfuil ardmheas ag a gcomhaltaí ar bhailiúchán saothar dá gcuid agus a meastar go bhfuil fiúntas agus cáil shuntasach ag baint leis.”
Is iad seo a leanas na Saoithe reatha: Roger Doyle (ceol) a toghadh in 2019; George Morrison (amharc-ealaín) a toghadh mar Shaoi in 2016 é; agus Eiléan Ní Chuilleanáin (litríocht) a toghadh in 2022. Is iad comhaltaí Aosdána a ainmníonn agus a cheapann na Saoithe agus ní féidir an gradam seo a bheith ag níos mó ná seachtar comhaltaí ag aon am amháin.
D'fhreastail go leor de chomhghleacaithe, de mhuintir agus de chairde an fhile ar an searmanas. Bhí Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly; Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Maura McGrath agus Cathaoirleach na Toscaireachta Aosdána, Cecily Brennan i láthair freisin.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Paul Muldoon agus a chuid saothar ag an nasc seo Aosdána
←Fill ar ais go dtí an nuacht