Tréaslaíonn an
Chomhairle Ealaíon leis na scríbhneoirí Éireannacha Paul Lynch agus Paul Murray
ar chloisteáil di gur cuireadh a n-úrscéalta ar an ngearrliosta do Dhuais
Booker 2023.
Dúirt
Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly: “Tá an-áthas orainn gur
cuireadh ‘Prophet Song’ le Paul Lynch agus ‘The Bee Sting’ le Paul Murray ar an
ngearrliosta do Dhuais Booker mór le rá.
Is é Paul
Lynch Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon in Ollscoil Mhá Nuad, agus is
údar mór bróid dúinn é gur thacaíomar leis an mbeirt údar atá ar an
ngearrliosta lenár nDámhachtain Sparánachta. Leanaimid orainn ag infheistiú i
scríbhneoirí atá ag gach staid den phróiseas cruthaitheach.
Is ré den
scoth í seo d’fhicsean Éireannach agus tá an t-aitheantas seo tuillte go maith
ag Paul Lynch agus Paul Murray.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht