Agus í ar siúl Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair, sheol an Chomhairle Ealaíon Oíche Chultúir na bliana seo inniu ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tógtar ar an rath a bhí uirthi anuraidh, inár ghlac os cionn leathmhilliún duine páirt in imeachtaí cultúrtha saor in aisce ar fud na tíre. I mbliana, tá sé mar aidhm ag Oíche Chultúir a bheith níos ionchuimsithí, níos inrochtana agus níos éagsúla arís, agus an chuid is fearr de na healaíona traidisiúnta agus de na healaíona atá ag teacht chun cinn in Éirinn a thaispeáint ag an am céanna.
Beidh imeachtaí ar siúl i mbliana i ngach contae, agus i spásanna uirbeacha agus tuaithe araon. Tá réimse leathan imeachtaí ann i mbliana agus tá idir thaispeántas cártaí poist in Ryan's Bar i gCill Chainnigh agus ceol traidisiúnta i Siondróm Down Thiobraid Árann, léirithe hip hap ar fud chathair Luimnigh agus David Gray agus Colm Mac an Iomaire ag seinm ar Sceilg Mhichíl. Cuirfear sraith imeachtaí a ritheann go déanach isteach san oíche faoin mbratach Oíche Chultúir Dhéanach, i láthair a bhuí le tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Thascfhórsa Gheilleagar na hOíche.
Conas a caithfdh tú Oíche Chultúir? Tá béim á leagan ag an gComhairle Ealaíon i mbliana ar an iliomad bealaí inar féidir le daoine taitneamh a bhaint as Oíche Chultúir, bíodh siad ag dul amach i gcuideachta teaghlaigh agus cairde, nó ag fanacht isteach agus ag baint sult as imeachtaí ar an teilifís agus ar an raidió. Is féidir le lucht féachana a fháil amach an chaoi le hOíche Chultúir a chaitheamh má tá riachtanais ar leith acu, más suim leo ceol leictreonach nó rince, más fearr leo freastal ar léamh leabhair nó ar rang damhsa nó más gá go mbeidh cumhacht an cheoil thraidisiúnta ag coipeadh ina gcuislí. Agus súil ann go mbeidh 1,700 imeacht SAOR IN AISCE ar siúl i mbailte, i gcathracha agus i sráidbhailte ar fud na tíre go déanach san oíche, is é an chéad chéim chun fáil amach an chaoi le hOíche Chultúir a chaitheamh ná féachaint ar www.culturenight.ie.
Sheol cuid den lucht cruthaitheach cultúir óg is mó cáil in Éirinn Oíche Chultúir inniu, lucht a chuirfidh an scéal thart faoi Oíche Chultúir idir inniu agus an 20 Meán Fómhair. Beidh siad páirteach ar an oíche chomh maith. Ina measc seo tá Stiofán Ó Fearail, amhránaí, cumadóir amhrán, ceoltóir agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa tíre chomhaimseartha dhátheangaigh Seo Linn; scríbhneoir, podchraoltóir agus abhcóide inbhuanaitheachta Keelin Moncrieff; mórcheoltóir popcheoil SexyTadhg; rapálaí, cumadóir amhrán agus ceann de na hainmneacha is iontaí i hip hap na hÉireann, Celaviedmai; agus an damhsóir traidisiúnta extraordinaire agus údar leabhar do pháistí Edwina Guckian. Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin agus ar chuntais meán sóisialta Oíche Cultúir chun an t-eolas is deireanaí a fháil faoin áit a mbeidh siad ag seinm, móide go leor imeachtaí eile a chuirfear leis an gclár idir seo agus Oíche Chultúir.
Ag tagairt di do sheoladh Oíche Chultúir 2024, dúirtan tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Oíche Dár Saol is ea Oíche Chultúir, tráth tábhachtach ina dtagaimid le chéile chun cultúr iontach ár dtíre a cheiliúradh agus taitneamh a bhaint as saor in aisce. Mholfainn do dhaoine de gach aois tosú ag smaoineamh ar ‘Conas a chaithfidh mise Oíche Chultúir’ i mbliana? Tá Oíche Chultúir ina buaicphointe cheana féin i bhféilirí go leor daoine agus tá ríméad orm go dtacaíonn mo Roinn le hOíche Chultúir Dhéanach, beart a thabharfaidh níos mó rogha agus deiseanna do dhaoine eolas a fháil ar na foirgnimh agus na taispeántais iontacha atá ar taispeáint. D'aon duine nach raibh ag Oíche Chultúir roimhe seo, tá súil agam go bhféadfadh an oíche feidhmiú mar an chéad chéim ar rannpháirteachas leanúnach lena bpobal ealaíon áitiúil agus taitneamh a bhaint as an gcultúr saibhir ar fud na tíre.”
Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tráth iontach is ea Oíche Chultúir san fhéilire chultúir nach bhfuil cosúil le haon rud eile. Leagann an saibhreas tallainne, taibhithe agus ealaíne atá ar taispeáint béim fhollasach ar cé chomh thar a bheith bríomhar is atá ár dtír. Is seans é do phobail ar fud na hÉireann teacht le chéile agus cumhacht chlaochlaitheach na n-ealaíon a bhlaiseadh. Is é seo an chéad cheann agam i mbliana mar Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon agus táim ag tnúth le roghnú conas a chaithfidh mé Oíche Chultúir. Táim ag súil le tráthnóna iontach ceoil, datha agus spioraid chruthaithigh ar an 20 Meán Fómhair.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon“Is deis iontach í Oíche Chultúir le fiosrú, taithí a fháil agus le dul i ngleic leis an saibhreas leathan ealaíon atá ann inár dtír. Tá sé cumhachtach ealaíontóirí agus eagraíochtaí a fheiceáil ag plé le réimse luchtanna féachana/éisteachta in eispéireas comhroinnte. Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon beocht a chur sa chomh-thaithí chultúrtha thábhachtach seo. Trí cheist a chur ar dhaoine faoin gcaoi a mbeidh siad ag plé le hOíche Chultúir ar an 20 Meán Fómhair, tá súil againn go ndéanfaidh daoine machnamh ar na féidearthachtaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an oíche.”
Faoi mhaoirseacht na Comhairle Ealaíon, cuirtear Oíche Chultúir i do láthair, i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúrtha ar fud an oileáin. Tugann an oíche léargas ar chaighdeán agus fairsinge na n-eisiúintí cultúrtha iontacha agus éagsúla in Éirinn, agus cuirtear lucht féachana ar an eolas faoi ionaid nua agus tallann atá ag teacht chun cinn. Ag ceiliúradh luachanna na hoscailteachta, na fionnachtana agus an mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le hOíche Chultúir 2024 saor in aisce. Cabhraíonn líon mór daoine, áiteanna agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé, lena n-áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna, amharclanna, grúpaí pobail, údaráis áitiúla, comhlachtaí iompair, scoileanna, Ollscoileanna agus sibhse an lucht féachana.
Leanfar le himeachtaí a chur le clár Oíche Chultúir idir seo agus an Aoine, an 20 Meán Fómhair. I measc na mbuaicphointí ó gach cearn den tír, do gach aois agus spéis, tá:
- Tá tráthnóna siamsaíochta geallta ag Rock the Block ar an bPasáiste i gCorcaigh le ceol ó dhá bhanna ceoil as Corcaigh, ceol indie/tíre ó Sonyx agus The Alkove ag seinm buncheol gormrac.
- Gealltar oíche spreagúil amhrán, scéalta, damhsa agus ealaíne sa Chlár ag Songs And Stories From The Spa ag an Pavillion i Lios Dúin Bhearna leis an scéalaí cáiliúil Aindrias De Staic, na hamhránaithe Kathleen Malone agus Theresa Garrihy ag seinm in éineacht leis na ceoltóirí Pat Dowling and Friends. Ina theannta sin, beidh spraoi ann le hamhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÚcráine, agus léiriú speisialta ó chónaitheoirí Ionad Soláthair Dhírigh King Thomond.
- Reáchtálfaidh Siondróm Down Thiobraid Árann tráthnóna de cheol traidisiúnta le cor ó bhuíon ceoil áitiúil ag seinm popcheoil, ach i stíl an cheoil thraidisiúnta. Bí ag súil le leithéidí ceol ABBA le casadh Gaelach agus iad ar an stáitse i nDurlas.
- I mBaile Átha Cliath, iarrtar ar thaiscéalaithe Oíche Chultúir léargas a fháil ar an gcúlra ag Ionad Pavee Point don Lucht Siúil agus na Romaigh le haghaidh ‘Life on a Camp', áit a léireoidh daoine den lucht siúil cuid de na scileanna traidisiúnta a theastaíonn do shaol an champa ag an ócáid lasmuigh ina mbeidh oidis ó ‘Pavee Peck’, leabhar cócaireachta le mná den Lucht Siúil. Is féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as scannán agus léiriú speisialta d'Amhráin de chuid an Lucht Siúil freisin.
- Chomh maith leis sin sa Phríomhchathair, tá ríméad ar The Goethe-Institut le LIE NING a óstáil dá gcéad léiriú ceolchoirme in Éirinn, an ceoltóir, an mainicín, an damhsóir, an stiúrthóir ealaíne agus an t-ambasadóir LADTA+ & POC atá lonnaithe i mBeirlín. Díríonn a bhfuaim ar cheol indie, soul agus R&G go héasca agus buaicphointí popcheoil á seachadadh.
- I gCill Chainnigh, tar ar cuairt chuig Ryan's Bar ar an Oíche Chultúir seo chun bailiúchán neamhchoitianta de 151 cárta poist a fheiceáil, a théann chomh fada siar leis na 1890idí, a bheidh ar taispeáint le stampaí agus marcanna poist ar leith, mar aon le scéalta agus íomhánna daoine de chathair agus de chontae Chill Chainnigh.
- Níos faide siar, óstálfar an taispeántas fuinneoige i Ros Comáin, is é ‘The Light From Here’ inar féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as priontaí bunaidh meán measctha atá spreagtha ag plandaí agus foghlaim faoi na buntáistí meabhairshláinte a bhaineann le plandaí a fheiceáil agus a bheith timpeall orthu.
- Tiocfaidh beocht faoi Chaisleán Bhaile Chláir i nGaillimh le síoga draíochtacha, síogaithe agus gruagaigh de réir mar a chuireann Youth Ballet West (Bailé Óige an Iarthair) siamsaíocht ar fáil agus gliondar ar na sluaite le léiriú de ‘Faerie Dances’.
Arís eile i mbliana, beidh sraith d’imeachtaí ar siúl le haghaidh Oíche Chultúir Dhéanach níos moille san oíche ná mar a bhí i mblianta roimhe seo, mórán acu tar éis meán oíche. Cuirtear an tionscnamh i láthair a bhuí le tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Thascfhórsa Gheilleagar na hOíche. I measc na mbuaicphointí ó chlár Oíche Chultúir Dhéanach na bliana seo tá:
- Féach ar Hip Hop on Stage, ócáid chun ceiliúradh a dhéanamh ar na cúig ghné de chultúr hip hap - DJ-áil (Caschláir), Cur i Láthair (Rapáil, Canadh agus Buillebhoscadóireacht), B-Boying (Brisdamhsa agus Damhsa Sráide), Graifítí (Múrphictiúir Ealaíne Sráide) agus Faisnéis - in ionaid ar fud Luimnigh, lena n‑áirítear The Church, Dance Limerick, The Commercial agus The Record Room.
- I gCorcaigh, is imeacht ilghnéitheach é Cruthú Cois Farraige (Creation by the Sea) in Ionad Ealaíon Sirius ina mbeidh ceardlanna, ranganna agus oideachas agus ina dhiaidh sin léiriú ceoil vinile DJ agus léiriú ceoil leictreonaigh beo, agus íomhánna saincheaptha ag gabháil leis.
- Ag Culture Night On Moore Street i mBaile Átha Cliath, déanfaidh TASCQ (Traders in the Area Supporting the Cultural Quarter) ceiliúradh ar éagsúlacht agus oidhreacht na sráide stairiúla agus Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath le comhshaothar ceoil & damhsa Afrai-Bhrasaíleach-Éireannach agus margadh mall san oíche, ag glacadh le haontacht trí theangacha uilíocha an bhia, an cheoil & an damhsa.
- I Lios Tuathail i gContae Chiarraí, tugann an Kerry Writers’ Museum cuireadh do dhaoine teacht chuig Theatre of the Hearthstone. Spreagtha ag an traidisiún Gaelach, an Teach Streachlánach, agus a bhraistint mhuintearais, moltar do dhaoine teacht le chéile timpeall an teallaigh le haghaidh ócáid mhór chultúrtha faoin aer i gCearnóg Sheoirseach Lios Tuathail ag ceiliúradh chultúr saibhir Chiarraí Thuaidh agus cultúr éagsúil na ‘bpobal nua’ atá ina gcónaí sa réigiún.
- Agus dóibh siúd a bheidh ag baint sult as Oíche Chultúir i gCathair na Gaillimhe, bígí cinnte breathnú ar An Croí Óir, léiriú amharclannaíochta faoin spéir ag an bPóirse Caoch le Fíbín Teo.
Ag leanúint ón rath a bhí air anuraidh, tá tionscadal bronntanais leabhar na Comhairle Ealaíon, Read Mór, ar ais don tríú bliain. I mbliana, tá an Chomhairle Ealaíon ag gabháil i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar Oíche Chultúir chun liosta coimeádaithe de theidil ó údair Éireannacha agus údair lonnaithe in Éirinn a bhronnadh laistigh de gach príosún go náisiúnta.
Tá RTÉ ag tacú go bródúil arís le hOíche Chultúir, agus déanfaidh craoladh beo ar fud an raidió, na teilifíse agus ar líne ó iliomad ionaid réigiúnacha ó 7i.n. Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair.
Craolfaidh RTÉ One agus RTÉ Player ócáid mhór cheoil agus ealaíon ina mbeidh Ceolfhoireann RTÉ. Beidh David Gray agus Colm Mac an Iomaire ag seinm ar Sceilg Mhichíl agus beidh aíonna speisialta eile ann, ina measc Villagers, Joe Chester agus Gemma Hayes agus Edwina Guckian.
Craolfaidh RTÉ Raidió 1 clár speisialta beo ‘Arena’ ar son Oíche Chultúir, a chraolfar ón taobh amuigh ón Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine Mara) i mBré, le ceol, comhrá agus léiriú agus craolfaidh RTÉ 2FM oíche cheoil bheo sa Róisín Dubh i nGaillimh le rogha de chuid de na ceoltóirí Éireannacha is spreagúla ó 2FM Rising, le The Tracy Clifford Show de chuid 2FM beo ó Ghaillimh, a chuirfidh tús leis an oíche sula mbeidh Beta Da Silva ina hóstach ar chraoladh beo 3 uair an chloig, rud a thabharfaidh an t-aicsean beo ar fad duit ón ócáid.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Oíche Chultúir agus chun coinneáil suas le himeachtaí nua a chuirfear ar an gclár, téigh chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil na meán sóisialta ag úsáid #OneNightForAll agus/nó #OícheDarSaol ag Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus TikTok de chuid Oíche Chultúir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht