Dámhachtain €400K chun léiriú amharclainne den scoth i nGaeilge a chruthú agus dul ar camchuairt leis
An dámhachtain aonair is mó riamh a thairg an Chomhairle Ealaíon ar bhonn aonuaire don amharclannaíocht
03 Aibreán: Inniu, tá an Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge 2024 fógartha ag an gComhairle Ealaíon, a thacóidh le cruthú agus camchuairt léiriú amharclannaíochta den scoth i nGaeilge. Is garsprioc shuntasach í an dámhachtain seo, chomh maith le tacaíocht bhreise ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, maidir le tiomantas na Comhairle Ealaíon tacú le húsáid na Gaeilge sna healaíona.
Is í an dámhachtain seo an dámhachtain is mó riamh don amharclannaíocht a thairg ceachtar den Chomhairle Ealaíon ar bhonn aonuaire. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil €400,000 chun léiriú amharclannaíochta Gaeilge a sholáthar. Oibreoidh an t-iarratasóir rathúil go dlúth le meastóir mar chuid den tionscadal, rud a chuirfidh ar chumas na Comhairle Ealaíon torthaí na scéime a thomhas agus an cur chuige a bheachtú san fhadtéarma. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta an dámhachtain seo a reáchtáil ar feadh trí bliana agus cuirfidh sí fáilte roimh iarratais arís in 2025 agus 2026.
Feidhmeoidh an Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge mar chatalaíoch chun forbairt, léiriú agus cur i láthair léirithe amharclannaíochta a chur chun cinn ar mhórscála i nGaeilge, rud a chuirfidh eispéiris chultúrtha bhreise ar fáil do lucht féachana ar fud na tíre. Tá an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tiomanta chun tacú le healaíona na Gaeilge agus iad a chur chun cinn agus rochtain a chur ar fáil do dhaoine ar fud an oileáin chomhroinnte ar eispéiris amharclannaíochta den scoth.
Seo a leanas a dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “Cuirim fáilte roimh fhógairt na Dámhachtana um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge inniu, a léiríonn céim shuntasach chun cinn do na healaíona teangabhunaithe, ag cinntiú a mbeocht agus a n-ábharthacht leanúnach inár dtírdhreach cultúrtha. D’fhógair mo roinn infheistíocht de €10 milliún le déanaí chun an Straitéis chun na hEalaíona Teangabhunaithe a chur i bhfeidhm, agus tagann tabhairt isteach na dámhachtana seo go dlúth le fís na straitéise sin.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: Tá áthas an domhain orainn Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge 2024 a sheoladh. Leagann an tionscnamh seo béim ar ár dtiomantas daingean chun léiriú ealaíonta sa Ghaeilge a chothú, cruthaitheacht a chur chun cinn, agus eispéiris chultúir shaibhre a sholáthar do chách. Táim ag tnúth leis an saothar spreagúil agus claochlaitheach a dhéanfar agus a thabharfar ar camchuairt leis an dámhachtain seo.”
Seo a leanas a dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, “Tá lúcháir orainn dul i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon chun an tionscnamh nuálach seo a mhaoiniú agus a sholáthar. Léiríonn an Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge ár dtiomantas comhroinnte chun tacú le hiarrachtaí ealaíonta a théann thar bhacainní teorainneacha, agus pobail á n-aontú trí theanga choiteann na n-ealaíon.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht